Céard atá sna Téarmaí?
Tá an t-innéacs sin curtha in oiriúint chun cabhrú leat do bhealach a dhéanamh trínár dTéarmaí Seirbhíse ("Téarmaí") maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Google Maps Platform. Tá súil againn go mbeidh sé sin ina threoir úsáideach ach cinntigh go léann tú na Téarmaí ina n-iomláine.
1. Rochtain a fháil ar na Seirbhísí
Leagtar amach sa rannán sin na ceanglais maidir leis na Seirbhísí a úsáid, lena n-áirítear comhlíonadh théarmaí an Chomhaontaithe.
2. Téarmaí Íocaíochta
Leagtar amach sa rannán sin oibleagáidí íocaíochta Custaiméara.
3. Ceadúnas
Leagtar amach sa rannán sin na téarmaí ceadúnaithe maidir le Seirbhísí Google Maps Platform, le béim ar na srianta agus na ceanglais maidir leis an gcaoi a mbaintear úsáid as na Seirbhísí.
4. Oibleagáidí Cuntas Custaiméara
Leagtar amach sa rannán sin oibleagáidí Custaiméara maidir le húsáid na Seirbhísí, lena n-áirítear comhlíonadh an Chomhaontaithe a chinntiú, sonraí agus príobháideachas an úsáideora a chosaint, agus ceart Google iad a fhoirceannadh i gcás sáraithe cóipchirte.
5. Fionraíocht
Leagtar amach sa rannán sin na coinníollacha faoinar féidir le Google úsáid Custaiméara as na Seirbhísí a chur ar fionraí.
6. Cearta Maoine Intleachtúla; Aiseolas
Leagtar amach sa rannán sin na Cearta Maoine Intleachtúla idir Google agus an Custaiméir, maidir leis na Seirbhísí a úsáid agus nuair a chuireann an Custaiméir Aiseolas ar fáil.
7. Fógraí Dlí Tríú Páirtí agus Téarmaí Ceadúnais
Leagtar amach sa rannán sin na fógraí dlí agus na téarmaí ceadúnais maidir le cearta maoine intleachtúla tríú páirtí agus cóipcheart.
8. Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla
Leagtar amach sa rannán sin oibleagáidí Google Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps a chur ar fáil don Chustaiméir, faoi réir Táillí infheidhme a íoc.
9. Rúndacht
Leagtar amach sa rannán sin na hoibleagáidí rúndachta agus na ceanglais maidir le faisnéisiú do Google agus do Chustaiméir araon.
10. Téarma agus Foirceannadh
Leagtar amach sa rannán sin téarma an Chomhaontaithe agus na cearta foirceanta don dá pháirtí faoin gComhaontú.
11. Poiblíocht
Leagtar amach sa rannán sin cearta na bpáirtithe Gnéithe Branda a chéile a úsáid.
12. Uiríll agus Barántaí
Leagtar amach sa rannán sin uiríll agus barántaí gach páirtí faoin gComhaontú sin.
13. Séanadh
Sa rannán sin cuirtear síos ar shéanadh barántaí Google maidir lena Sheirbhísí.
14. Slánú
Leagtar amach sa rannán sin Oibleagáidí Slánaithe an dá pháirtí.
15. Dliteanas
Leagtar amach sa rannán sin na Teorainneacha Dliteanais sa Chomhaontú don dá pháirtí.
16. Fógraíocht
Sa rannán sin tugtar an rogha do Chustaiméirí fógraí a thaispeáint nó gan iad a thaispeáint.
17. Úsáideoirí Ghníomhaireacht Fheidearálach SAM
Luaitear sa rannán sin gur forbraíodh na Seirbhísí ar chostas príobháideach agus gur bogearraí ríomhaire tráchtála iad, mar a shainmhínítear sna Federal Acquisition Regulations.
18. Ilghnéitheach
Leagtar amach sa rannán sin téarmaí ilghnéitheacha, amhail fógraí agus an dlí rialaithe, a bhfuil feidhm acu maidir leis an gComhaontú idir na páirtithe.
19. Orduithe Athdhíoltóra
Leagtar amach sa rannán sin téarmaí a bhaineann go sonrach le ham ar bith a ordaíonn Custaiméir Seirbhísí trí athdhíoltóir.
20. Sainmhínithe
Sa rannán sin sainmhínítear na téarmaí a úsáidtear sa Chomhaontú seo.
21. Téarmaí Réigiúnacha
Aithnítear sa rannán sin na héagsúlachtaí réigiúnacha ar na téarmaí sin atá riachtanach ionas gur féidir le Custaiméirí na Seirbhísí a úsáid i réigiúin ar leith.
Is é Google (mar a shainmhínítear ag https://cloud.google.com/terms/google-entity) agus an páirtí nó an duine a aontaíonn leis na téarmaí seo ("Custaiméir"), a dhéanann na Téarmaí Seirbhíse Google sin, lena n-áirítear an AUP agus Téarmaí URL eile (le chéile, an "Comhaontú") agus rialaítear leo rochtain Custaiméara ar na Seirbhísí agus úsáid na Seirbhísí sin.
Tá éifeacht leis an gComhaontú sin nuair a chliceálann Custaiméir chun glacadh leis an gComhaontú, nó nuair a dhéanann sé/sí comhaontú a chuirtear san áireamh de réir tagartha (an "Dáta Éifeachta"). Mar an duine a ghlacann leis an gComhaontú sin thar ceann Custaiméara, ionadaíonn agus barántaíonn tú: (a) go bhfuil údarás dlíthiúil iomlán agat chun Custaiméir a chur faoi cheangal an Chomhaontaithe sin; (b) gur léigh tú agus go dtuigeann tú an Comhaontú sin; agus (c) go nglacann tú, thar ceann Custaiméara, leis an gComhaontú sin. Mura bhfuil an t-údarás dlí agat chun Custaiméir a chur faoi cheangal, ná cliceáil chun glacadh leis na Seirbhísí ná chun iad a úsáid.
1.1 Consól Riaracháin. Beidh rochtain ag custaiméirí ar an gConsól Riaracháin, trínar féidir le Custaiméir úsáid na Seirbhísí a bhainistiú. Ní mór do Chustaiméir an Consól Riaracháin a úsáid i gcomhréir le Doiciméadacht an Chonsóil Riaracháin.
1.2 Cuntais. Ní mór cuntas a bheith ag Custaiméir chun na Seirbhísí a úsáid agus tá sé/sí freagrach as an bhfaisnéis a chuireann sé/sí ar fáil chun an Cuntas a chruthú, as slándáil a p(h)asfhocal don Chuntas, agus as aon úsáid a bhaintear as a C(h)untas, lena n-áirítear aon úsáid a bhaint as eochair (eochracha) API aige/aici. Tá an custaiméir freagrach as a chinntiú nach n-úsáideann ach fearainn agus feidhmchláir údaraithe na Seirbhísí. Níl aon oibleagáid ar Google cuntais iomadúla a chur ar fáil do Chustaiméir.
1.3 Nuashonruithe
(a) Maidir leis na Seirbhísí. Féadfaidh Google na Seirbhísí a nuashonrú, a scor agus a mhionathrú ar shlí eile ó am go ham, faoi réir 1.3(c). Tabharfaidh Google fógra do Chustaiméir má dhéanann Google athrú ar na Seirbhísí a laghdaíonn gnéithe nó feidhmiúlachtaí Seirbhíse go hábhartha, ar choinníoll gur ghlac custaiméir síntiús le Google le bheith ar an eolas faoi athrú den sórt sin.
(b) Maidir leis an gComhaontú. Féadfaidh Google an Comhaontú (lena n-áirítear na téarmaí URL) agus praghsanna a nuashonrú ó am go ham. Postálfaidh Google aon mhionathrú ar an gComhaontú sin ar https://cloud.google.com/maps-platform/terms. Mura sonraíonn Google a mhalairt, beidh éifeacht le hathruithe ábhartha ar an gComhaontú 30 lá tar éis fógra a thabhairt, ach amháin a mhéid a bhaineann na hathruithe le Seirbhísí nua nó feidhmiúlacht nua nó i gcás athruithe a éilítear de réir an dlí nó an ordaithe cúirte is infheidhme, agus sa chás sin beidh éifeacht leo láithreach. Tabharfaidh Google réamhfhógra 90 lá ar a laghad maidir le hathruithe codarsna ábhartha ar aon SLA trí: (i) ríomhphost a sheoladh chuig an Seoladh Ríomhphoist Fógra; (ii) fógra a phostáil sa Chonsól Riaracháin; nó (iii) fógra a phostáil ar an leathanach gréasáin CLS is infheidhme. Mura nglacann Custaiméir leis an gComhaontú athbhreithnithe, féadfaidh custaiméir éirigh as na Seirbhísí a úsáid. Chomh maith leis sin, féadfaidh Custaiméir an Comhaontú sin a fhoirceannadh ar mhaithe le héascaíocht faoi Rannán 10.4 (Foirceannadh ar mhaithe le hÉascaíocht). Is ionann úsáid leanúnach Custaiméara as na Seirbhísí tar éis éifeacht a bheith leis an athrú ábhartha agus toiliú Custaiméara leis an nuashonrú sin.
(c) Seirbhísí Scortha. Tabharfaidh Google fógra do Chustaiméir 12 mhí ar a laghad sula scoirfidh sé de Sheirbhís (nó feidhmiúlacht ábhartha ghaolmhar) gan athchur atá comhchosúil go hábhartha a chur ar fáil. Ina theannta sin, tabharfaidh Google fógra do Chustaiméir 12 mhí ar a laghad sula mionathróidh sé aon API Google Custaiméara, ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach go siarghabhálach. Ní chuireann aon ní sa Rannán seo 1.3(c) teorainn le cumas Google athruithe éilithe a dhéanamh chun an dlí is infheidhme a chomhlíonadh, chun aghaidh a thabhairt ar riosca slándála ábhartha, ná chun ualach suntasach eacnamaíoch nó ábhartha teicniúil a sheachaint. Níl feidhm ag an Rannán 1.3(c) seo maidir le Seirbhísí, tairiscintí nó feidhmiúlacht infhaighteachta réamhghinearálta.
2.1 Cuóta Gan Chostas. Cuirtear Seirbhísí ar leith ar fáil do Chustaiméir gan chostas suas go dtí an Tairseach Táille, mar is infheidhme.
2.2 Billeáil ar Líne. Ag deireadh na Tréimhse Fabhraithe Táille is infheidhme, eiseoidh Google bille leictreonach do Chustaiméir i leith na muirear go léir a fabhraíodh bunaithe ar úsáid Custaiméara as na Seirbhísí le linn na Tréimhse Fabhraithe Táille is infheidhme (lena n-áirítear, más infheidhme, na Táillí ábhartha do Sheirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps). Má chinneann Google go réasúnta bunaithe ar fhianaise atá ar fáil do Google go bhfuil Custaiméir i mbaol neamhíocaíochta nó go bhféadfadh Cuntas Custaiméara a bheith calaoiseach, sa chás sin d'fhéadfadh Google Custaiméir a shonrascadh níos minicí. Íocfaidh Custaiméir na Táillí go léir atá leagtha amach sa sonrasc. Má roghnaíonn Custaiméir íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa, le cárta dochair nó le modh íocaíochta neamhsonrasctha eile, gearrfaidh Google (agus íocfaidh Custaiméir as) na Táillí go léir láithreach ag deireadh na Tréimhse Fabhraithe Táille. Má roghnaíonn Custaiméir íocaíocht a dhéanamh trí shonrasc (agus má ghlacann Google léi), beidh na Táillí go léir dlite mar atá scríofa sa sonrasc. Mura n-éilítear a mhalairt de réir an dlí, ní féidir oibleagáid Custaiméara le híoc as gach Táille a chealú. Tá tomhas Google ar úsáid Custaiméara na Seirbhísí críochnaitheach. Níl aon oibleagáid ar Google billí iomadúla a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis bhainc a chuireann Google ar fáil a bheith san áireamh sna híocaíochtaí a dhéantar trí aistriú de dhroim sreinge.
2.3 Cánacha.
(a) Tá Custaiméir freagrach as aon Chánacha, agus íocfaidh Custaiméir Google as na Seirbhísí gan aon laghdú ar Chánacha. Má tá oibleagáid ar Google Cánacha a bhailiú nó a íoc, sonrascfar na Cánacha chuig Custaiméir agus íocfaidh Custaiméir Cánacha den sórt sin le Google, mura gcuireann Custaiméir teastas díolúine chánach tráthúil agus bailí ar fáil do Google maidir leis na Cánacha sin. Más gá Cánacha a shiarchoinneáil ó aon íocaíocht le Google, ina dhiaidh sin méadóidh Custaiméir an íocaíocht le Google ionas go mbeidh an glanmhéid a fhaigheann Google comhionann leis an méid a sonrascadh, gan laghdú ar Chánacha.
(b) Má éilítear é faoin dlí is infheidhme, cuirfidh Custaiméir faisnéis aitheantais cánach is infheidhme ar fáil do Google a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó Google chun a chinntiú go gcomhlíonann sé/sí na rialacháin chánach agus na húdaráis chánach is infheidhme sna limistéir údaráis is infheidhme. Beidh Custaiméir faoi dhliteanas aon chánacha, ús, pionóis nó fíneálacha a eascraíonn as aon mhídhearbhú ón gCustaiméir a íoc (nó a aisíoc le Google).
2.4 Díospóidí Íocaíochta agus Aisíocaíochtaí. Ní mór aon díospóid íocaíochta a chur isteach i meon macánta roimh dháta dlite na híocaíochta. Má chinneann Google, tar éis an díospóid a athbhreithniú de mheon macánta, go bhfuil míchruinneas bhilleála áirithe inchurtha i leith Google, ní eiseoidh Google sonrasc ceartaithe, ach ina ionad sin eiseoidh sé meamram creidmheasa ina sonrófar an méid mícheart sa sonrasc lena mbaineann. Mura íocadh as sonrasc faoi dhíospóid íoctha go fóill, cuirfidh Google méid an mheamraim chreidmheasa i bhfeidhm ar shonrasc faoi dhíospóid, agus beidh Custaiméir freagrach as an nglan-iarmhéid atá dlite ar an sonrasc sin a íoc. Ní bheidh aisíocaíochtaí a thugann Google le haghaidh míchruinnis bhilleála faoin Rannán seo ach i bhfoirm creidmheasa as na Seirbhísí. Ní chuireann aon rud sa Chomhaontú oibleagáid ar Google creidmheas a thabhairt d'aon pháirtí.
2.5 Íocaíochtaí Rédhlite; Fionraíocht. D'fhéadfadh go mbeadh ús ag ráta 1.5% in aghaidh na míosa (nó an ráta is airde a cheadaítear de réir an dlí, más lú) le híocaíochtaí déanacha (rud, ar mhaithe le soiléireacht, ní áirítear leis sin méideanna atá faoi réir díospóide íocaíochta de mheon macánta a cuireadh isteach roimh dháta dlite na híocaíochta), ó dháta dlite na híocaíochta go n-íoctar iad ina n-iomláine. Beidh Custaiméir freagrach as gach speansais réasúnta (lena n-áirítear táillí aturnaetha) a thabhaigh Google chun méideanna rédhlite den sórt sin a bhailiú. Ina theannta sin, sa chás go mbíonn aon íocaíocht dhéanach as na Seirbhísí thar téarma, féadfaidh Google na Seirbhísí a chur ar fionraí.
2.6 Níl Aon Uimhir Ordaithe Ceannaigh Ag Teastáil. Tá sé d'oibleagáid ar Chustaiméir íoc as na Táillí infheidhme go léir gan aon cheanglas ar Google uimhir ordaithe ceannaigh a chur ar fáil ar shonrasc Google (nó ar bhealach ar bith eile).
3.1 Deonú Ceadúnais. Faoi réir théarmaí an Chomhaontaithe, le linn an Téarma, deonaíonn Google ceadúnas neamheisiach, neamh-inaistrithe, neamh-fhocheadúnaithe do Chustaiméir chun na Seirbhísí a úsáid in Aip(eanna) Custaiméara.
3.2 Ceanglais agus Srianta Ceadúnais. Is iad seo a leanas coinníollacha an cheadúnais a deonaíodh i Rannán 3.1 (Deonú Ceadúnais). San Rannán 3.2 seo (Riachtanais agus Srianta Ceadúnais), Is é is brí leis an bhfrása "Ní dhéanfaidh Custaiméir" ná "Ní dhéanfaidh Custaiméir, agus ní cheadóidh sé/sí do thríú páirtí seo a leanas a dhéanamh".
3.2.1 Srianta Ginearálta. Ní dhéanfaidh an custaiméir: (a) obair dhíorthach a chóipeáil, a mhionathrú, a chruthú d'aon chuid nó de gach cuid den chód foinse ná ais-innealtóireacht a dhéanamh air, ná é a dhíthiomsú, a aistriú, a dhídhíolaim, ná aon iarracht eile dhéanamh chun aon chuid de nó chun gach cuid de a bhaint amach (ach amháin a mhéid a thoirmisctear an srian sin go sainráite leis an dlí is infheidhme); ná (b) rochtain a fháil ar na Seirbhísí ná iad a úsáid: (i) le haghaidh Gníomhaíochtaí Ardriosca; (ii) ar shlí a mbeadh sé i gceist aici tabhú Táillí a sheachaint; (iii) le haghaidh ábhar nó gníomhaíochtaí atá faoi réir na International Traffic in Arms Regulations (ITAR) arna gcothabháil ag Roinn Stáit na Stát Aontaithe; (iv) ar shlí a sáraíonn, nó ar cúis le sárú, Dlíthe um Rialú Easpórtála í; ná (v) faisnéis sláinte a thras-seoladh, a stóráil nó a phróiseáil faoi réir rialacháin HIPAA na Stát Aontaithe.
3.2.2 Ceanglais le haghaidh na Seirbhísí a Úsáid.
(a) Téarmaí Seirbhíse agus Polasaí Príobháideachais.
(i) i dtéarmaí seirbhíse Aip an Chustaiméara déanfar seo a leanas: (A) Cuirfear úsáideoirí ar an eolas go bhfuil gnéithe agus ábhar Google Maps san áireamh in Aip an Chustaiméara; agus (B) Luafar go bhfuil úsáid gnéithe agus ábhar Google Maps faoi réir na leaganacha a bheidh ann an uair sin de na: (1) Téarmaí Breise Seirbhíse Google Maps/Google Earth ag https://maps.google.com/help/terms_maps/; agus de (2) Pholasaí Príobháideachais Google ag https://policies.google.com/privacy.
(ii) Má cheadaíonn Aip an Chustaiméara d'úsáideoirí Croísheirbhísí Google Maps a chur san áireamh i dTáirgí Iartheachtacha, ina dhiaidh sin éileoidh Custaiméir de réir conartha go sásaítear i dtéarmaí seirbhíse uile na dTáirgí Iartheachtacha na ceanglais chéanna fógra agus cascáidithe a bhaineann le hAip an Chustaiméara faoi Rannán 3.2.2 (a) (i) (Téarmaí Seirbhíse agus Polasaí Príobháideachais).
(iii) Má theipeann ar úsáideoirí Aip an Chustaiméara (agus Táirgí Iartheachtacha, más ann dóibh) téarmaí infheidhme Théarmaí Breise Seirbhíse Google Maps/Google Earth a chomhlíonadh, sa chás sin déanfaidh Custaiméir gníomh forfheidhmithe cuí, lena n-áirítear úsáid na n-úsáideoirí sin de ghnéithe agus ábhar Google Maps in Aip an Chustaiméara nó sna Táirgí Iartheachtacha a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
(b) Aitreabúid. Taispeánfaidh Custaiméir gach aitreabúid a (i) chuireann Google ar fáil trí na Seirbhísí (lena n-áirítear brandáil, lógónna agus fógraí cóipchirt agus trádmhairc); nó (ii) a shonraítear i dTéarmaí Sonracha Seirbhíse Maps. Ní dhéanfaidh Custaiméir an aitreabúid sin a mhionathrú, a cheilt ná a scriosadh.
(c) Athbhreithniú ar Aipeanna Custaiméara. Ar iarratas Google, cuirfidh Custaiméirí Aip(eanna) agus Tionscadal(-ail) Custaiméara faoi bhráid Google lena n-athbhreithniú chun comhlíonadh an Chomhaontaithe (lena n-áirítear an AUP) a chinntiú.
3.2.3 Srianta in Aghaidh Mhí-úsáid na Seirbhísí.
(a) Cosc ar Chamchóipeáil. Ní dhéanfaidh Custaiméir Ábhar Google Maps a easpórtáil, a bhaint amach ná a chamchóipeáil ar shlí eile lena úsáid lasmuigh de na Seirbhísí. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir: (i) Ábhar Google Maps a réamhghabháil, a innéacsú, a stóráil, a ath-chomhroinnt ná a athóstáil lasmuigh de na seirbhísí; (ii) tíleanna Google Maps, íomhánna Street View, geochóid, treoracha, torthaí maitríse achair, faisnéis bóithre, faisnéis áiteanna, luachanna airde agus mionsonraí amchreasa a oll-uaslódáil; (iii) ainmneacha gnó, seoltaí nó léirmheasanna úsáideoirí a chóipeáil agus a shábháil; ná (iv) Ábhar Google Maps a úsáid le seirbhísí téacs go teanga.
(b) Cosc ar Thaisceadh. Ní dhéanfaidh Custaiméir taisceadh ar Ábhar Google Maps ach amháin de réir mar a ceadaíodh go sainráite faoi Théarmaí Sonracha Seirbhíse Maps.
(c) Cosc ar Ábhar ó Ábhar Google Maps a Chruthú. Ní chruthóidh Custaiméir ábhar bunaithe ar Ábhar Google Maps. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir: (i) bóithre, imlínte foirgneamh, cuaillí fóntais ná línte leictreacha a rianú ná a dhigitiú ón gcineál bonnléarscáile de chuid Satailít JavaScript API Maps; (ii) samhlacha foirgneamh 3T ó Íomhánna 45° ó JavaScript API Maps; (iii) samhlacha tír-raoin a thógáil bunaithe ar luachanna airde ón Elevation API; (iv) na luachanna domhanleithid/domhanfhaid ón Places API a úsáid mar ionchur le haghaidh anailís ar phointe sa pholagán; (v) innéacs de shuíomhanna crann sa chathair a thógáil ó íomhánna Street View; ná (vi) amanna tiomána bunaithe ar théacs a thiontú go torthaí sintéisithe cainte.
(d) Cosc ar Tháirgí nó ar Ghnéithe Google a Athchruthú. Ní úsáidfidh Custaiméir na Seirbhísí chun táirge ná seirbhís a chruthú le gnéithe atá comhchosúil go substaintiúil le táirge nó le seirbhís Google eile nó a athchruthaíonn gnéithe tháirge nó sheirbhís Google eile. Ní mór luach substaintiúil, neamhspleách agus gnéithe lasmuigh de tháirgí nó de sheirbhísí Google a bheith i dtáirge nó i seirbhís custaiméara. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir: (i) Croísheirbhísí Google Maps a athdháileadh ná tabhair le fios gur leis an gCustaiméir iad, mar Sheirbhísí; (ii) Croísheirbhísí Google Maps a úsáid chun ionad Chroísheirbhísí Google Maps, Google Maps, ná aipeanna móibíleacha Google Maps, nó a ngnéithe, a chruthú (iii) Croísheirbhísí Google Maps a úsáid i liostú ná i seirbhís eolaire chun táirge fógraíochta a chruthú nó a mhéadú; (iv) sonraí ó Directions API, Geolocation API agus Maps SDK do Android a theaglamú chun feidhmiúlacht déanta bealaí fíor-ama a chruthú atá an-chosúil leis an bhfeidhmiúlacht a sholáthraíonn Google Maps d'aip mhóibíleach Android mhóibíleach Android.
(e) Úsáid taobh le léarscáileanna nach le Google Maps iad as an áireamh. Chun fadhbanna cáilíochta agus/nó mearbhall branda a sheachaint, ní úsáidfidh Custaiméirí Croísheirbhísí Google Maps le léarscáil nach le Google Maps í nó atá in aice léi in Aip Custaiméara. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir (i) ábhar Places a thaispeáint ná a úsáid ar léarscáil nach le Google Maps í, (ii) íomhánna Street View agus léarscáileanna nach le Google Maps iad a thaispeáint ar an scáileán céanna, ná (iii) Google Map a nascadh le hábhar a bhaineann le léarscáileanna nach le Google Maps iad ná le léarscáil nach le Google Maps í.
(f) Cosc ar Tháillí a Thimpeallú. Ní dhéanfaidh Custaiméir Táillí infheidhme a thimpeallú. Mar shampla, ní chruthóidh Custaiméir cuntais ná Tionscadail bhilleála iomadúla chun tabhú Táillí a sheachaint, chun cosc a chur ar Google leibhéil úsáide Seirbhíse Chustaiméara a ríomh go cruinn, chun mí-úsáid a bhaint as aon chuóta Seirbhíse gan chostas, ná chun rochtain ar na Seirbhísí a thairiscint faoi shamhail "comhroinnte ama" nó "biúró seirbhíse".
(g) Cosc ar Úsáid i gCríocha Toirmiscthe. Ní dhéanfaidh Custaiméir aon Aip(eanna) Custaiméara a úsáideann Croísheirbhísí Google Maps a dháileadh ná a mhargadh i gCríoch Toirmiscthe.
(h) Cosc ar Úsáid i gCórais Leabaithe Feithicle. Ní dhéanfaidh Custaiméir Croísheirbhísí Google Maps a úsáid le haon Aip Custaiméara ná aon ghléas atá leabaithe i bhfeithicil. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir Aip Custaiméara a chruthú atá (i) leabaithe i gcóras faisnéise siamsúla i bpainéal cairr; agus (ii) a cheadaíonn d'Úsáideoirí Deiridh treoracha tiomána a iarraidh ón Directions API.
(i) Cosc ar Úsáid in Aip Custaiméara Dírithe ar Pháistí. Mar shampla, ní dhéanfaidh Custaiméir Aip Custaiméara a chruthú atá (i) leabaithe i gcóras faisnéise siamsúla i bpainéal cairr; agus (ii) a cheadaíonn d'Úsáideoirí Deiridh treoracha tiomána a iarraidh ón Directions API. Children’s Online Privacy Protection Act (COPPA).
(j) Cosc ar Shláine Thorthaí Cuardaigh a Mhionathrú. Ní dhéanfaidh Custaiméir aon cheann de thorthaí cuardaigh Chroísheirbhísí Google Maps a mhionathrú.
3.2.4 Tagarmharcáil. Má nochtann Custaiméir go poiblí (cibé acu go díreach nó trí thríú páirtí) torthaí aon tástála comparáideacha nó comhoiriúnachta, tagarmharcála, nó meastóireachta ar na Seirbhísí ("Tástáil" gach ceann acu): (a) ní mór go n-áireofaí san fhaisnéisiú an fhaisnéis go léir atá riachtanach ionas gur féidir le Google nó le tríú páirtí an Tástáil a mhacasamhlú; agus (b) Féadfaidh Google torthaí Tástálacha a dhéanamh agus a nochtadh go poiblí i gcoinne táirgí nó seirbhísí atá ar fáil go poiblí ag Custaiméir.
4.1 Comhlíonadh. Déanfaidh Custaiméir: (a) a chinntiú go gcomhlíonann úsáid Custaiméara agus a (h)Úsáideoirí Deiridh na Seirbhísí an Comhaontú; (b) aon úsáid neamhúdaraithe dá C(h)untas(-ais)/dá Chuntais nó na Seirbhísí nó rochtain neamhúdaraithe orthu a chosc agus a fhoirceannadh; agus (c) fógra a thabhairt go pras do Google maidir le haon úsáid neamhúdaraithe nó rochtain neamhúdaraithe ar a C(h)untas(-ais) nó ar na Seirbhísí a dtagann Custaiméir ar an eolas fúthu.
4.2 Doiciméadacht. Féadfaidh Google Doiciméadacht a chur ar fáil maidir leis an úsáid a bhaineann Custaiméir as na Seirbhísí. D'fhéadfadh go sonraítear srianta sa Doiciméadacht (m.sh. srianta aitreabúide nó HTML) ar an gcaoi ar féidir na Seirbhísí a úsáid agus comhlíonfaidh Custaiméir aon srianta den sórt sin a shonraítear.
4.3 Polasaí Cóipchirt. Freagróidh Google d'fhógraí faoi shárú cóipchirt atá á mhaíomh agus d'fhéadfadh sáraitheoirí leantacha a fhoirceannadh i gcúinsí áirithe mar is gá chun tearmann a choinneáil do sholáthraithe seirbhíse ar líne faoin Digital Millennium Copyright Act. Má chreideann Custaiméir go bhfuil duine nó páirtí ag sárú chóipchearta Custaiméara nó Úsáideoirí Deiridh agus ba mhian leis/léi Google a chur ar an eolas, is féidir le Custaiméir faisnéis faoi fhógraí a chur isteach, agus polasaí Google maidir le freagraí a thabhairt d'fhógraí a fháil ag https://www.google.com/dmca.
4.4 Úsáid, Cosaint agus Príobháideachas Sonraí.
(a) Úsáid agus Coinneáil Sonraí. Chun Seirbhísí a chur ar fáil trí Aip(eanna) Custaiméara, bailíonn agus faigheann Google sonraí ó Chustaiméir agus ó Úsáideoirí Deiridh (agus ó Úsáideoirí Deiridh Úsáideoirí Deiridh, más ann dóibh), lena n-áirítear téarmaí cuardaigh, seoltaí IP agus comhordanáidí domhanleithid/domhanfhaid. Aithníonn agus glacann Custaiméir leis go bhféadfadh Google agus a Chleamhnaithe na sonraí sin a úsáid agus a choinneáil chun táirgí agus seirbhísí Google a chur ar fáil agus a fheabhsú, faoi réir ag Polasaí Príobháideachais Google ag https://policies.google.com/privacy.
(b) Téarmaí Cosanta Sonraí Glacann Google agus Custaiméir le Téarmaí Cosanta Sonraí Rialaitheoir-Rialaitheoir ag https://business.safety.google/controllerterms/.
(c) Ceanglais Úsáideora Deiridh.
(i) Príobháideachas Úsáideora Deiridh. Comhlíonfaidh an úsáid a bhaineann custaiméirí as na Seirbhísí in Aip Custaiméara na dlíthe príobháideachais is infheidhme, lena n-áirítear dlíthe maidir le Seirbhísí a stórálann agus a dhéanann rochtain ar Fhianáin ar ghléasanna Úsáideoirí Deiridh. Comhlíonfaidh Custaiméir an Polasaí Toilithe a bheidh ann an uair ag https://www.google.com/about/company/user-consent-policy/, más infheidhme.
(ii) Sonraí Pearsanta an Úsáideora Deiridh. Trí ghnáthfheidhmiú Chroísheirbhísí Google Maps, cuireann Úsáideoirí Deiridh faisnéis inaitheanta phearsanta agus Sonraí Pearsanta ar fáil go díreach do Google, faoi réir Pholasaí Príobháideachais Google a bheidh ann an uair sin ag https://policies.google.com/privacy. Mar sin féin, ní chuirfidh Custaiméir ar fáil do Google (1) aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta úsáideora deiridh; ná (2) sonraí pearsanta aon Úsáideora Deiridh Eorpaigh (i gcás ina gciallaíonn "Eorpach" "An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, an Eilvéis, nó an Ríocht Aontaithe").
(iii) Ceanglais Phríobháideachais Shuíomh an Úsáideora Deiridh. Chun príobháideachas shuíomh an Úsáideora Deiridh a chosaint, cinnteoidh Custaiméir go ndéanfaidh Aip(eanna) Custaiméara seo a leanas: (A) Tabharfaidh sé fógra d'Úsáideoirí Deiridh roimh ré (1) faoin gcineál(-acha) sonraí atá i gceist ag Custaiméir a bhailiú ó na hÚsáideoirí Deiridh nó ó ghléasanna na nÚsáideoirí Deiridh, agus (2) faoi theaglamú agus úsáid shuíomh an Úsáideora Deiridh le sonraí aon soláthraí sonraí eile; agus (B) ní bhfaighidh ná ní thaiscfidh sé suíomh aon Úsáideora Deiridh ach amháin le toiliú sainráite, roimh ré, in-aisghairthe an Úsáideora Deiridh.
5.1 Sáruithe AUP. Má thagann Google ar an eolas go sáraíonn úsáid Custaiméara nó aon Úsáideora Deiridh na Seirbhísí an AUP, cuirfidh Google Custaiméir ar an eolas agus iarrfaidh sé ar Chustaiméir an sárú a cheartú. Má theipeann ar Chustaiméir an sárú a cheartú laistigh de 24 uair an chloig, nó má cheanglaítear ar Google ar shlí eile de réir an dlí is infheidhme gníomh a dhéanamh, sa chás sin féadfaidh Google úsáid iomlán nó cuid d'úsáid Custaiméara de na Seirbhísí a chur ar fionraí go gceartaítear an sárú.
5.2 Fionraíocht eile. D'ainneoin Rannán 5.1 (Sáruithe AUP), féadfaidh Google úsáid na Seirbhísí a chur ar fionraí láithreach má (a) chreideann Google go réasúnta go bhfuil gá le Fionraíocht chun na Seirbhísí, bonneagar Google a thacaíonn leis na Seirbhísí, nó aon chustaiméir eile de chuid na Seirbhísí (nó a n-úsáideoirí deiridh) a chosaint; (b) cheanglaítear ar Google an úsáid sin a chur ar fionraí chun an dlí is infheidhme a chomhlíonadh; (c) tá amhras ann go bhfuil rochtain neamhúdaraithe tríú páirtí ar na Seirbhísí; nó (d) sháraíonn Custaiméir Rannán 3.2 (Ceanglais agus Srianta Ceadúnais), nó Rannán 4.4 (Úsáid, Cosaint agus Príobháideachas Sonraí). Cuirfidh Google deireadh le haon Fhionraíocht den sórt sin nuair a réiteofar na cúinsí is cúis leis an bhFionraíocht chun sástacht Google. Ar iarratas Custaiméara, tabharfaidh Google, mura dtoirmisctear é faoin dlí is infheidhme, fógra don Chustaiméir faoin mbonn atá leis an bhFionraíocht a luaithe is féidir le réasún.
5.3 Maidir le Sárú Líomhnaithe ar Chearta Maoine Intleachtúla Tríú Páirtí. Má líomhnaítear go sáraíonn an Aip Custaiméara Cearta Maoine Intleachtúla tríú páirtí, féadfaidh Google gach úsáid a bhaintear as Seirbhísí Google Maps in Aip Custaiméara a chur ar fionraí ar fhógra scríofa 30 lá go réitítear an líomhain sin ina hiomláine. Mar thoradh ar an Rannán sin 5.3 (Maidir le Sárú líomhnaithe ar Chearta Maoine Intleachtúla Tríú Páirtí) ní laghdaítear oibleagáidí an chustaiméara faoi Rannán 14 (Slánú).
6.1 Cearta Maoine Intleachtúla. Ach amháin mar a luaitear go sainráite sa Chomhaontú, ní thugann an Comhaontú aon cheart, intuigthe nó eile, do cheachtar páirtí maidir le hábhar an duine eile nó le haon chuid de mhaoin intleachtúil an pháirtí eile. Amhail idir na páirtithe, coinníonn Custaiméir gach Ceart Maoine Intleachtúla in Aip Custaiméara, agus coinníonn Google gach Ceart Maoine Intleachtúla i gCroísheirbhísí Google Maps.
6.2 Aiseolas Custaiméara. Má chuireann Custaiméir aiseolas nó moltaí Google ar fáil faoi na Seirbhísí ("Aiseolas"), sa chás sin féadfaidh Google an tAiseolas sin a úsáid gan srian agus gan oibleagáid ar Chustaiméir.
Tá comhpháirteanna áirithe de na Seirbhísí (lena n-áirítear bogearraí foinse oscailte) faoi réir cóipchirt tríú páirtí agus Cearta Maoine Intleachtúla eile, mar a shonraítear i: (a) bhFógraí Dlíthiúla Google Maps/Google Earth ag https://www.google.com/help/legalnotices_maps/; agus (b) leo féin, i dtéarmaí ceadúnais tríú páirtí, atá ar fáil go poiblí, a chuirfidh Google ar fáil do Chustaiméir ach iad a iarraidh.
8.1 Ag Google. Faoi réir íocaíocht na dTáillí tacaíochta is infheidhme, cuirfidh Google Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps ar fáil do Chustaiméir le linn an Téarma de réir na dTreoirlínte maidir le Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps.
8.2 Ag an gCustaiméir. Tá Custaiméir freagrach as tacaíocht theicniúil dá (h)Aipeanna agus T(h)ionscadail Custaiméara.
9.1 Oibleagáidí Rúndachta. Ní úsáidfidh an faighteoir Faisnéis faoi Rún an pháirtí nochta ach amháin chun cearta an fhaighteora a fheidhmiú agus chun a (h)oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh, agus úsáidfidh sé/sí cúram réasúnach chun cosaint a thabhairt i gcoinne nochtadh Fhaisnéis faoi Rún an pháirtí nochta. Ní fhéadfaidh an faighteoir Faisnéis faoi Rún a nochtadh ach amháin dá f(h)ostaithe, dá C(h)leamhnaithe, dá g(h)níomhairí, nó dá c(h)omhairleoirí gairmiúla ("Toscairí") ar gá dóibh í a fháil ar bhonn riachtanais agus a d'aontaigh i scríbhinn (nó i gcás comhairleoirí gairmiúla atá faoi cheangal ar shlí eile) í a choinneáil faoi rún. Cinnteoidh an faighteoir nach n-úsáidfidh a T(h)oscairí an Fhaisnéis faoi Rún a fuarthas ach amháin chun cearta a fheidhmiú agus oibleagáidí faoin gComhaontú sin a chomhlíonadh.
9.2 Faisnéisiú Riachtanach. D'ainneoin Rannán 9.1 (Oibleagáidí Rúndachta), féadfaidh an faighteoir agus a C(h)leamhnaithe Faisnéis faoi Rún a nochtadh a mhéid a éilíonn an Próiseas Dlí is infheidhme; ar choinníoll go n-úsáideann an faighteoir nó a C(h)leamhnaithe iarrachtaí réasúnach ar bhonn tráchtála chun: (a) fógra pras a thabhairt don pháirtí eile roimh aon nochtadh den sórt sin; agus chun (b) iarrataí réasúnacha an pháirtí eile a chomhlíonadh maidir lena (h)iarrachtaí cur i gcoinne an nochta. Ní bheidh feidhm ag na fo-ailt thuas (a) agus (b) má chinneann an faighteoir go bhféadfadh sárú ar an bPróiseas Dlí a bheith mar thoradh ar chomhlíonadh (a) agus (b); (ii) go bhféadfadh comhlíonadh (a) agus (b) bac a chur ar imscrúdú rialtais; nó (iii) go bhféadfadh bás nó mórdhíobháil fhisiciúil do phearsa aonair a bheith mar thoradh air.
9.3 Iarrataí ar Fhaisnéisiú. Amhail idir na páirtithe, tá Custaiméir freagrach as freagra a thabhairt ar gach iarraidh tríú páirtí maidir lena úsáid agus leis an úsáid a bhaineann Úsáideoirí Deiridh custaiméara as na Seirbhísí.
10.1 Téarma an Chomhaontaithe. Tosaíonn téarma an Chomhaontaithe seo (an "Téarma") ar an Dáta Éifeachta agus leanann sé ar aghaidh go dtí go bhfoirceanntar an Comhaontú mar a luaitear sa Rannán seo 10.
10.2 Foirceannadh mar gheall ar Shárú. A mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, féadfaidh ceachtar páirtí an Comhaontú a fhoirceannadh láithreach ar fhógra i scríbhinn más rud é: (a) go bhfuil sárú ábhartha á dhéanamh ag an bpáirtí eile ar an gComhaontú agus go mainníonn sé/sí an sárú sin a leigheas laistigh de 30 lá tar éis fógra i scríbhinn a fháil; (b) go scoirfidh sé/sí dá (h)oibríochtaí gnó; nó (c) go dtiocfaidh sé/sí chun bheith faoi réir imeachtaí dócmhainneachta agus nach ndíbhtear na himeachtaí laistigh de 90 lá. Féadfaidh Google Tionscadail nó rochtain an Chustaiméara ar Sheirbhísí a fhoirceannadh, má chomhlíonann Custaiméir aon cheann de na coinníollacha i bhfo-alt (a) nó (b).
10.3 Foirceannadh de bharr Neamhghníomhaíochta. Féadfaidh Google soláthar Seirbhísí do Thionscadal Custaiméara a fhoirceannadh le réamhfhógra 30 lá más rud é, ar feadh tréimhse 60 lá, nach ndearna an Tionscadal (a) aon iarratais ar na Seirbhísí; agus (b) nár thabhaigh an Tionscadal aon Táillí le haghaidh Seirbhísí.
10.4 Foirceannadh ar mhaithe le hÉascaíocht. D'fhéadfadh Custaiméir éirí as úsáid na Seirbhísí am ar bith. Faoi réir aon ghealltanais airgeadais i bhFoirm Ordaithe nó in aguisín leis an gComhaontú sin, féadfaidh Custaiméir an Comhaontú sin a fhoirceannadh ar mhaithe lena (h)éascaíocht tráth ar bith le fógra i scríbhinn 30 lá roimh ré, agus ar fhoirceannadh, ní mór dó/di scor d'úsáid na Seirbhísí is infheidhme. Féadfaidh Google an Comhaontú sin nó aon Fhoirm Ordaithe is infheidhme a fhoirceannadh mar ar mhaithe lena (h)éascaíocht tráth ar bith gan dliteanas do Chustaiméir, le fógra 30 lá i scríbhinn roimh ré do Custaiméir.
10.5 Foirceannadh mar gheall ar an dlí is infheidhme; Sárú ar Dhlíthe. Féadfaidh Google an Comhaontú sin a fhoirceannadh láithreach ar fhógra i scríbhinn má chreideann Google le réasún (a) go sáródh soláthar leanúnach aon Seirbhíse a úsáideann Custaiméirí an dlí/na dlíthe is infheidhme nó (b) gur sháraigh Custaiméir aon Dlíthe Frithbhreabaireachta nó Dlíthe Rialaithe Easpórtála nó gur thug sé/sí ar Google aon Dlíthe Frithbhreabaireachta nó Dlíthe Rialaithe Easpórtála a shárú.
10.6 Éifeachtaí an Fhoirceanta. Má fhoirceanntar an Comhaontú sin: (a) foirceannfar gach ceart agus rochtain ar na Seirbhísí; (b) beidh na Táillí go léir atá dlite ag Custaiméir do Google dlite láithreach ar fháil an bhille leictreonaigh deiridh dó/di nó mar a luaitear sa sonrasc deiridh; agus (c) scriosfaidh Custaiméir na Bogearraí agus aon ábhar ó na Seirbhísí faoin dáta éifeachta foirceanta.
Féadfaidh custaiméir a rá go poiblí gur custaiméir Google é/í agus gnéithe Google Brand a thaispeáint de réir na dTreoirlínte Trádmhairc. Féadfaidh Google ainm nó Gnéithe Branda Custaiméara a úsáid in ábhair chur chun cinn ar líne nó as líne de na Seirbhísí. Ní fhéadfaidh gach páirtí Gnéithe Branda an pháirtí eile a úsáid ach amháin mar a cheadaítear sa Chomhaontú. Cuirfidh aon úsáid a bhaintear as Gnéithe Branda páirtí i bhfeidhm chun leasa an pháirtí a bhfuil Cearta Maoine Intleachtúla aige leis na Gnéithe Branda sin. Féadfaidh páirtí ceart an pháirtí eile a G(h)néithe Branda a úsáid faoin Rannán seo a chúlghairm le fógra i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus tréimhse réasúnta chun stop a chur leis an úsáid.
Ionadaíonn agus barántaíonn gach páirtí go: (a) bhfuil cumhacht agus údarás iomlán aige/aici an Comhaontú a dhéanamh; agus (b) go gcomhlíonfaidh sé/sí na Dlíthe um Rialú Easpórtála agus na Dlíthe Frithbhreabaireachta is infheidhme maidir leis na Seirbhísí a sholáthar, a fháil nó a úsáid, de réir mar is infheidhme.
ACH AMHÁIN MAR A FHORÁILTEAR GO SAINRÁITE SA CHOMHAONTÚ, A MHÉID IS MÓ A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ IS INFHEIDHME: (A) NÍ DHÉANANN GOOGLE AON BHARÁNTAÍ D'AON CHINEÁL, CIBÉ ACU SAINRÁITE, INTUIGTHE, REACHTÚIL, NÓ EILE, LENA N-ÁIRÍTEAR BARÁNTAÍ INDÍOLTACHTA, OIRIÚNACHT D'ÚSÁID ÁIRITHE, NEAMHSHÁRÚ, NÓ ÚSÁID GAN EARRÁIDÍ NÓ GAN BHRISEADH NA SEIRBHÍSÍ NÁ NA MBOGEARRAÍ; (B) NÍ DHÉANANN GOOGLE AON IONADAÍOCHT FAOI ÁBHAR NÓ FAISNÉIS INROCHTANA TRÍ NA SEIRBHÍSÍ; AGUS (C) FAOI RÉIR AN DLÍ IS INFHEIDHME, NÍ CHEANGLÓFAR AIR ACH NA LEIGHEASANNA A LUAITEAR GO SAINRÁITE SA SLA A SHOLÁTHAR MAR GHEALL AR MHAINNEACHTAIN NA SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR. CUIRTEAR CROÍSHEIRBHÍSÍ GOOGLE MAPS AR FÁIL CHUN CRÍOCHA PLEANÁLA AMHÁIN. D'FHÉADFADH FAISNÉIS Ó CHROÍSHEIRBHÍSÍ GOOGLE MAPS A BHEITH ÉAGSÚIL Ó CHOINNÍOLLACHA IARBHÍR, AGUS B'FHÉIDIR NACH MBEADH SÍ OIRIÚNACH D'AIP AN CHUSTAIMÉARA. NÍ MÓR DO CHUSTAIMÉIR BREITHIÚNAS A FHEIDHMIÚ GO NEAMHSPLEÁCH AGUS NA SEIRBHÍSÍ Á N-ÚSÁID AIGE/AICI CHUN A CHINNTIÚ (i) GO BHFUIL GOOGLE MAPS OIRIÚNACH D'AIP AN CHUSTAIMÉARA; AGUS (ii) GO BHFUIL AIP AN CHUSTAIMÉARA SÁBHÁILTE D'ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH AGUS DO THRÍÚ PÁIRTITHE EILE.
14.1 Oibleagáidí Slánaithe Custaiméara. Mura dtoirmisctear é faoin dlí is infheidhme, cosnóidh custaiméir Google agus a C(h)leamhnaithe agus slánóidh sé/sí iad i gcoinne Dliteanais Shlánaithe in aon Imeacht Dlí Tríú Páirtí a mhéid a eascraíonn as (a) aon Ábhar Slánaithe Custaiméara nó (b) úsáid an chustaiméara nó an Úsáideora Deiridh as na Seirbhísí de shárú ar an AUP nó de shárú ar an gComhaontú.
14.2 Oibleagáidí Slánaithe Google. Cosnóidh Google Custaiméir agus a C(h)leamhnaithe atá rannpháirteach faoin gComhaontú ("Páirtithe Slánaithe Custaiméirí"), agus slánóidh sé iad i gcoinne Dliteanais Shlánaithe in aon Imeacht Dlí Tríú Páirtí a mhéid a eascraíonn as Líomhain go sáraíonn úsáid Páirtithe Slánaithe Custaiméara Ábhair Shlánaithe Google Cearta Maoine Intleachtúla an tríú páirtí. Beidh oibleagáidí slánaithe Google faoin Rannán seo 14.2 (Oibleagáidí Slánúcháin Google) faoi réir an tsriain ar dhliteanas i Rannán 15.1(b)(Dliteanais Theoranta).
14.3 Eisiaimh Shlánaithe. Ní bheidh feidhm ag Rannán 14.1 (Oibleagáidí Slánaithe Custaiméara) agus 14.2 (Oibleagáidí Slánaithe Google) a mhéid a eascraíonn an Líomhain bhunúsach as (a) sárú an pháirtí shlánaithe ar an gComhaontú nó (b) teaglaim d'Ábhair Slánaithe Custaiméara nó d'Ábhair Slánaithe Google (de réir mar is infheidhme) le hábhair nach soláthraíonn an páirtí slánaithe, mura n-éilítear an teaglaim leis an gComhaontú.
14.4 Coinníollacha Slánaithe. Ní bheidh feidhm ag Rannán 14.1 (Oibleagáidí Slánaithe Custaiméirí) agus ná ag Rannán 14.2 (Oibleagáidí Slánúcháin Apple) ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) Ní mór don pháirtí slánaithe fógra a thabhairt go pras i scríbhinn don pháirtí atá i mbun an tslánaithe faoi aon Líomhain(-ntí) a tháinig roimh an Imeacht Dlí Tríú Páirtí agus comhoibriú go réasúnach leis an bpáirtí atá i mbun an tslánaithe chun an Líomhain/na Líomhaintí agus Imeacht Dlí Tríú Páirtí a réiteach. Má dhéanann sárú ar an Alt seo 14.4(a) dochar do chosaint an Imeachta Dlí Tríú Páirtí, laghdófar oibleagáidí an pháirtí atá i mbun an tslánaithe faoi Rannán 14.1 (Oibleagáidí Slánaithe Custaiméara) nó 14.2 (Oibleagáidí Slánaithe Google) (de réir mar is infheidhme) i gcomhréir leis an dochar.
(b) Ní mór don pháirtí slánaithe rialú aonair ar an gcuid shlánaithe den Imeacht Dlíthiúil Tríú Páirtí a fhorthairiscint don pháirtí atá i mbun an tslánaithe, faoi réir na nithe seo a leanas: (i) féadfaidh an páirtí slánaithe a (h)abhcóide neamhrialaithe féin a cheapadh, ar a c(h)ostas féin; agus (ii) maidir le haon socraíocht lena n-éilítear ar an bpáirtí slánaithe dliteanas a admháil, airgead a íoc, nó aon ghníomh a dhéanamh (nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh), éileofar ar an bpáirtí slánaithe toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré, gan é a shiarchoinneáil, gan coinníollacha a chur léi, ná í a mhoilliú go míréasúnach.
14.5 Leigheasanna.
(a) Má chreideann Google le réasún go bhféadfadh na Seirbhísí Cearta Maoine Intleachtúla tríú páirtí a shárú, sa chás sin féadfaidh Google, dá rogha agus dá chostas féin: (i) an ceart a fháil do Chustaiméir leanúint ar aghaidh ag úsáid na Seirbhísí; (ii) na Seirbhísí a mhionathrú chun iad a dhéanamh neamhsháraitheach gan a bhfeidhmiúlacht a laghdú go hábhartha; nó (iii) rogha eile neamhsháraitheach, atá coibhéiseach leo ó thaobh feidhme de a chur in ionad na Seirbhísí.
(b) Mura gcreideann Google go bhfuil na leigheasanna in Rannán 14.5(a) réasúnach ar bhonn tráchtála, sa chás sin féadfaidh Google úsáid Custaiméara ar na Seirbhísí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
14.6 Cearta agus Oibleagáidí Aonair. Gan difear a dhéanamh do chearta foirceanta aon pháirtí acu agus a mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, luaitear sa Rannán seo 14 leigheas aonair agus eisiach na bpáirtithe faoin gComhaontú i dtaca le haon Líomhaintí maidir le Sárú ar Chearta Maoine Intleachtúla a chumhdaítear leis an Rannán seo 14 (Slánú).
15.1 Dliteanais Theoranta
(a) A mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme agus faoi réir Rannán 15.2 (Dliteanais Neamhtheoranta), ní bheidh aon Dliteanas ag ceachtar de na páirtithe ná ag ceadúnóirí Google a eascraíonn as an gComhaontú, nó a bhaineann leis, i leith aon (i) damáistí indíreacha, iarmhartacha, speisialta, teagmhasacha nó pionósacha nó (ii) ioncam, brabúis, coigilteas nó dea-thoil caillte.
(b) Tá uasdliteanas iomlán gach páirtí i leith damáistí a éiríonn as an gComhaontú nó a bhaineann leis teoranta do na Táillí a d'íoc Custaiméir faoin gComhaontú le linn na tréimhse 12 mhí roimh an imeacht as ar éirigh an Dliteanas.
15.2 Dliteanais Neamhtheoranta. Ní eisiann ná ní theorannaíonn aon ní sa Chomhaontú dliteanas ceachtar de na páirtithe as na nithe seo a leanas:
(a) a s(h)árú ar Chearta Maoine Intleachtúla an pháirtí eile
(b) a (h)oibleagáidí íocaíochta faoin gComhaontú; nó
(c) nithe nach féidir dliteanas a eisiamh ná a theorannú ina leith faoin dlí is infheidhme.
Dá lánrogha féin amháin, féadfaidh Custaiméir an tSeirbhís a chumrú chun fógraí a dháil Google a thaispeáint nó gan iad a thaispeáint.
Forbraíodh na Seirbhísí ar chostas príobháideach amháin agus is bogearraí ríomhaire tráchtála agus doiciméadacht ghaolmhar iad de réir bhrí na Rialachán Fála Feidearálaí is infheidhme agus forlíontaí a ngníomhaireachta.
18.1 Fógraí. Faoin gComhaontú sin, ní mór fógraí do Chustaiméir a sheoladh chuig an Seoladh Ríomhphoist Fógra agus ní mór fógraí chuig Google a sheoladh chuig [email protected]. Caithfear le fógra mar "faighte" nuair a sheoltar an ríomhphost. Tá an Custaiméir freagrach as a S(h)eoladh Ríomhphoist Fógra reatha a choinneáil i rith an Téarma.
18.2 Sannadh. Ní ceadmhach do chustaiméir an Comhaontú a shannadh gan toiliú i scríbhinn ó Google, ach amháin do Chleamhnaí más rud é: (a) gur ghlac an sannaí leis i scríbhinn a bheith faoi cheangal ag téarmaí an Chomhaontaithe; (b) go bhfuil an páirtí sannta fós faoi dhliteanas i leith oibleagáidí faoin gComhaontú má mhainníonn an sannaí air/uirthi; agus (c) go mbeidh fógra tugtha ag an bpáirtí sannta don pháirtí eile faoin sannadh. Is ionann aon iarracht eile ag Custaiméir ar shannadh agus í a bheith ar neamhní. Féadfaidh Google an Comhaontú a shannadh gan toiliú i scríbhinn ón gCustaiméir trí fhógra faoin sannadh a thabhairt do Chustaiméir.
18.3 Athrú Rialaithe. Má bhíonn athrú Rialaithe ag páirtí seachas athstruchtúrú nó atheagrú inmheánach (mar shampla, trí cheannach nó díol stoic, cumasc, nó cineál eile idirbhirt chorparáidigh), sa chás sin: (a) tabharfaidh an páirtí sin fógra i scríbhinn don pháirtí eile laistigh de 30 lá tar éis an athraithe Rialaithe; agus (b) féadfaidh an páirtí eile an Comhaontú a fhoirceannadh láithreach aon tráth idir an t-athrú Rialaithe agus 30 lá tar éis dó/di an fógra i scríbhinn sin a fháil.
18.4 Force Majeure. Ní bheidh ceachtar de na páirtithe faoi dhliteanas as teip nó moill ar fheidhmíocht a mhéid is cúis le himthosca nach bhfuil neart réasúnta acu orthu, lena n-áirítear gníomhartha Dé, tubaistí nádúrtha, sceimhlitheoireacht, círéibeacha nó cogadh.
18.5 Fochonraitheoireacht. Féadfaidh Google oibleagáidí a ligean ar fochonradh faoin gComhaontú sin ach beidh sé fós faoi dhliteanas do Chustaiméir as aon oibleagáidí a ligeadh ar fochonradh.
18.6 Gníomhaireacht as an Áireamh. Ní chruthaítear leis an gComhaontú sin aon ghníomhaireacht, comhpháirtíocht ná comhfhiontar idir na páirtithe.
18.7 Ní Tarscaoileadh É. Ní chaithfear le ceachtar de na páirtithe mar pháirtí a tharscaoil aon chearta trí gan aon chearta faoin gComhaontú sin a fheidhmiú (nó moill a chur ar fheidhmiú na gceart sin).
18.8 Inscoiteacht. Má tá aon chuid den Chomhaontú seo neamhbhailí, mídhleathach nó dofheidhmithe, fanfaidh an chuid eile den Chomhaontú sin in éifeacht.
18.9 Gan Tairbhithe Tríú Páirtí.. Ní thugann an Comhaontú seo aon tairbhe d'aon tríú páirtí ach amháin má luaitear go sainráite go dtugann.
18.10 Faoiseamh Cothromais. Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo teorainn le cumas ceachtar de na páirtithe faoiseamh cothromais a lorg.
18.11 An Dlí Rialaithe.
(a) Le hAghaidh Shlánaonaid rialtais Cathrach, Contae agus Rialtais Stáit SAM. Más slánaonad cathrach, contae nó rialtais stáit sna Stáit Aontaithe é Custaiméir, ní thabharfaidh an Comhaontú seo aon bharúil maidir le dlí agus ionad rialaithe.
(b) Le haghaidh Slánaonaid den Rialtas Feidearálach. Más Slánaonad den Rialtas Feidearálach é Custaiméir, beidh feidhm ag an méid seo a leanas: BEIDH GACH ÉILEAMH A EASCRAÍONN AS NÓ A BHAINEANN LEIS AN GCOMHAONTÚ SEO NÓ NA SEIRBHÍSÍ Á RIALÚ AG DLÍTHE STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, GAN A RIALACHA A BHAINEANN LE DLÍTHE AG TEACHT SALACH AR A CHÉILE A ÁIREAMH. A MHÉID A CHEADAÍTEAR LE DLÍ FEIDEARÁLACH AMHÁIN: (I) BEIDH FEIDHM AG DLÍTHE STÁT CALIFORNIA (GAN A RIALACHA A BHAINEANN LE DLÍTHE AG TEACHT SALACH AR A CHÉILE IN CALIFORNIA A ÁIREAMH) IN ÉAGMAIS AN DLÍ FEIDEARÁLACH IS INFHEIDHME; AGUS (II) I GCÁS GACH ÉILIMH A ÉIRÍONN AS AN GCOMHAONTÚ Sin NÓ AS NA SEIRBHÍSÍ NÓ A BHAINEANN LEIS, TOILÍONN NA PÁIRTITHE LE DLÍNSE PHEARSANTA SNA CÚIRTEANNA I GCONTAE SANTA CLARA, CALIFORNIA, AGUS LE HIONAD EISIACH NA GCÚIRTEANNA SIN.
(c) Le hAghaidh Gach Páirtí Eile. Más páirtí é Custaiméir nach bhfuil aitheanta i Rannán 18.11 (a) (Le hAghaidh Shlánaonaid rialtais Cathrach, Contae agus Rialtais Stáit SAM) ná 18.11(b) (Le hAghaidh SlánaonaId den Rialtas Feidearálach) sa chás sin beidh feidhm ag an méid seo a leanas: BEIDH GACH ÉILEAMH A EASCRAÍONN AS AN GCOMHAONTÚ SEO NÓ AS NA SEIRBHÍSÍ NÓ A BHAINEANN LEIS Á RIALÚ AG DLÍ CALIFORNIA, SEACHAS RIALACHA A BHAINEANN LE DLÍTHE AG TEACHT SALACH AR A CHÉILE AN STÁIT SIN, AGUS RACHFAR CHUN DLÍ LEIS GO HEISIACH I GCÚIRTEANNA CÓNAIDHME NÓ STÁIT CHONTAE SANTA CLARA, CALIFORNIA, SAM; TOILÍONN NA PÁIRTITHE LE DLÍNSE PHEARSANTA SNA CÚIRTEANNA SIN.
18.12 Leasuithe. Ach amháin mar a luaitear in Rannán 1.3 (b)(Nuashonruithe; Maidir leis an gComhaontú), ní mór d'aon leasú ar an gComhaontú a bheith i scríbhinn, a lua go sainráite go bhfuil an Comhaontú sin á leasú aige, agus bheith sínithe ag an dá pháirtí.
18.13 Sárú. Sáróidh an méid seo a leanas dul in éag nó foirceannadh an Chomhaontaithe seo: Rannán 2 (Téarmaí Íocaíochta), Rannán 3.2 (Ceanglais agus Srianta Ceadúnais), Rannán 4.3 (Polasaí Cóipchirt), Rannán 4.4 (Úsáid, Cosaint agus Príobháideachas Sonraí), Rannán 6 (Cearta Maoine Intleachtúla; Aiseolas), Rannán 7 (Fógraí Dlí Tríú Páirtí agus Téarmaí Ceadúnais), Rannán 9 (Rúndacht), Rannán 10.6 (Éifeachtaí Foirceanta), Rannán 13 (Séanadh), Rannán 14 (Slánú), Rannán 15 (Dliteanas), Rannán 18 (Ilghnéitheach) agus Rannán 20 (Mínithe).
18.14 An Comhaontú ina Iomláine. Luaitear sa Chomhaontú seo na téarmaí go léir ar glacadh leo idir na páirtithe agus gabhann sé ionad aon chomhaontuithe roimhe sin nó comhaimseartha idir na páirtithe a bhaineann lena ábhar. Agus an Comhaontú á dhéanamh, níor bhraith ceachtar de na páirtithe ar aon ráiteas, uiríoll nó baránta (cibé acu go faillíoch nó go neamhurchóideach a rinneadh é), agus ní bheidh aon cheart ná leigheas ag ceachtar de na páirtithe bunaithe orthu, ach amháin iad sin a luaitear go sainráite sa Chomhaontú sin. Áirítear sa Chomhaontú seo naisc URL chuig téarmaí eile (lena n-áirítear Téarmaí URL), a chuirtear san áireamh de réir tagartha sa Chomhaontú. Tar éis an Dáta Éifeachta, féadfaidh Google URL nuashonraithe a chur ar fáil in ionad aon URL sa Chomhaontú.
18.15 Téarmaí Contrártha. Má tá na doiciméid lena gcomhdhéantar an Comhaontú seo agus teacht salach ar a chéile, sa chás sin tabharfar tús áite do na doiciméid san ord seo a leanas: an Comhaontú agus na téarmaí ag aon URL.
18.16 Teangacha Contrártha. Má aistrítear an Comhaontú seo go teanga ar bith eile, agus má tá neamhréireacht idir téacs an Bhéarla agus an téacs aistrithe, tabharfar tús áite do théacs an Bhéarla.
Beidh feidhm ag an Rannán seo má ordaíonn Custaiméir na Seirbhísí ó Athdhíoltóir faoi Chomhaontú Athdhíoltóra (lena n-áirítear an Fhoirm Ordaithe Athdhíoltóra).
19.1 Orduithe. Má ordaíonn custaiméirí Seirbhísí ó Athdhíoltóir, sa chás sin: (a) socrófar táillí do na Seirbhísí idir Custaiméir agus Athdhíoltóir, agus déanfar aon íocaíochtaí go díreach le Athdhíoltóir faoin gComhaontú Athdhíoltóra; (b) Ní bheidh feidhm ag Rannán 2 den Chomhaontú (Téarmaí Íocaíochta) maidir leis na Seirbhísí; (c) Gheobhaidh Custaiméir aon chreidmheasanna SLA is infheidhme ón Athdhíoltóir, má tá siad dlite do Chustaiméir de réir an SLA; agus (d) Ní bheidh aon oibleagáid ar Google aon chreidmheasanna SLA a thabhairt do Chustaiméir a ordaíonn Seirbhísí ón Athdhíoltóir.
19.2 Téarmaí Contrártha. Má ordaíonn Custaiméir Croísheirbhísí Google Maps ó Athdhíoltóir agus má thagann aon doiciméadacht salach ar a chéile, sa chás sin tabharfar tús áite don doiciméadacht san ord seo a leanas: an Comhaontú, na téarmaí ag aon URL (lena n-áirítear na Téarmaí URL) agus an Fhoirm Ordaithe Athdhíoltóra. Mar shampla, má tá Téarmaí Sonracha na Seirbhíse Maps agus an Fhoirm Ordaithe Athdhíoltóra ag teacht salach ar a chéile, tabharfar tús áite do Théarmaí Sonracha na Seirbhíse Maps.
19.3 Athdhíoltóir mar Riarthóir. De lánrogha Custaiméara, féadfaidh Athdhíoltóir rochtain a fháil ar Thionscadail, Cuntais nó Seirbhísí Custaiméara thar ceann Custaiméara. De réir mar atá idir Google agus Custaiméir, is é an Custaiméir amháin atá freagrach as: (a) aon rochtain ag Athdhíoltóir ar Chuntas(-ais) Custaiméara, ar thionscadal(-ail) aige/aici nó ar na Seirbhísí; agus (b) aon chearta nó oibleagáidí amhail idir Athdhíoltóir agus Custaiméir maidir leis na Cuntais, na Tionscadail nó na Seirbhísí a shainmhíniú sa Chomhaontú Athdhíoltóra.
19.4 Fíorú Athdhíoltóra ar Aip(eanna) Custaiméara. Sula soláthraíonn sé/sí na Seirbhísí, féadfaidh Athdhíoltóir a fhíorú chomh maith gur le Custaiméir na hAip(eanna) Custaiméara nó gurb é/í a rialaíonn iad. Má chinneann Athdhíoltóir nach le Custaiméir na Aipeanna Custaiméara nó nach é/í a rialaíonn iad, sa chás sin ní bheidh aon oibleagáid ar Google na Seirbhísí a sholáthar do Chustaiméir.
Is é is brí le "Cuntas" ná Cuntas Google Maps Platform Custaiméara.
Is é is brí le "Consól Riaracháin" agus an consól(óil) ar líne nó painéal a bhíonn curtha ar fáil ag Google do Chustaiméir chun na Seirbhísí a riar.
Is é is brí le "Doiciméadacht Chonsóil Riaracháin" ná an doiciméadacht, a bheidh ann an uair sin, a bhfuil cur síos déanta uirthi ag https://cloud.google.com/docs.
Is é is brí le "Cleamhnaí" ná aon pháirtí a Rialaíonn go díreach nó go hindíreach, atá faoi Rialú ag páirtí, nó atá faoi Rialú coiteann le páirtí.
Is é is brí le "Líomhain" ná líomhain tríú páirtí neamhchleamhnaithe.
Is é is brí le "Dlíthe Frithbhreabaireachta" ná gach dlí frithbhreabaireachta tráchtála agus poiblí is infheidhme, (mar shampla, an U.S. Foreign Corrupt Practices Act of 1977 agus an UK Bribery Act 2010), a thoirmisceann aon rud a bhfuil luach leis a thairiscint ar bhealach éillitheach, go díreach nó go hindíreach, do dhuine ar bith, lena n-áirítear oifigigh rialtais, chun gnó a fháil nó a choinneáil nó chun aon bhuntáiste tráchtála míchuí eile a fháil. Áirítear le "oifigigh rialtais" aon fhostaí rialtais; iarrthóir d'oifig phoiblí; agus fostaí de chuid cuideachtaí faoi úinéireacht rialtais nó faoi rialú rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí, agus páirtithe polaitíochta.
Is é is brí le "AUP" nó le "Polasaí Úsáide Inghlactha" ná an Polasaí Úsáide Inghlactha le haghaidh na Seirbhísí, a bheidh ann an uair sin, a bhfuil cur síos déanta air ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/aup/.
Is é is brí le "Gnéithe Branda" ná trádainmneacha, trádmharcanna, trádmharcanna seirbhíse, lógónna, ainmneacha fearainn agus sainghnéithe branda eile gach páirtí, faoi seach, arna n-urrú leis an bpáirtí sin ó am go ham.
Is é is brí le "Faisnéis Faoi Rún" ná faisnéis a nochtann páirtí amháin (nó Cleamhnaí) don pháirtí eile faoin gComhaontú sin, agus atá marcáilte mar fhaisnéis faoi rún nó a mheasfaí de ghnáth, i gcás mar sin, mar fhaisnéis faoi rún. Ní áirítear leis faisnéis a fhorbraíonn an faighteoir go neamhspleách, a fhaightear go dleathach ó thríú páirtí gan oibleagáidí rúndachta, nó a chuirtear ar fáil don phobal gan aon locht ar an bhfaighteoir.
Is é is brí le "Rialú" ná rialú ar níos mó ná 50% de na cearta vótála nó sainleasanna cothromais páirtí.
Is é is brí le "Aip Custaiméara" aon leathanach gréasáin nó aip (lena n-áirítear gach cód foinse agus gné) ar a bhfuil luach ábhartha leo neamhspleách ar na Seirbhísí agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Custaiméara nó a údaraítear do Chustaiméir a úsáid.
Is é is brí le "Custaiméir Úsáideora Deiridh" nó "Úsáideoir Deiridh" ná duine aonair nó páirtí atá údaraithe ag Custaiméir chun na Seirbhísí nó na hAip(eanna) Custaiméara a úsáid.
Is é is brí le "Ábhair Shlánaithe Custaiméara" ná Aip Custaiméara agus Gnéithe Branda Custaiméara.
Is é is brí le "Doiciméadacht" ná an doiciméadacht, a bheidh ann an uair sin, a bhfuil cur síos déanta uirthi ag https://developers.google.com/maps/documentation/.
Is ionann "Táirgí Iartheachtacha" agus suíomhanna gréasáin, aipeanna nó táirgí eile úsáideoirí Custaiméara. Mar shampla, más ardán é Aip Custaiméara a chabhraíonn le húsáideoirí a suíomhanna gréasáin féin a thógáil agus Google Maps a leabú sna suíomhanna gréasáin sin, sa chás sin is "Táirgí Iartheachtacha" iad suíomhanna gréasáin na n-úsáideoirí sin.
Is é is brí le "An Eoraip" nó "Eorpach" ná an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe.
Is é is brí le "Dlíthe Rialaithe Easpórtála" ná gach dlí agus rialachán rialaithe easpórtála agus ath-easpórtála is infheidhme, lena n-áirítear aon rialacháin a bhaineann le muinisin – nó le cosaint – is infheidhme (mar shampla, na International Traffic in Arms Regulations arna gcothabháil ag Roinn Stáit na Stát Aontaithe).
Is é is brí le "Tréimhse Fabhraithe Táille" ná mí féilire nó tréimhse eile atá sonraithe ag Google sa Chonsól riaracháin.
Is é is brí le "Táillí" ná an méid Seirbhísí a úsáideann nó a ordaíonn Custaiméir iolraithe faoi na Praghsanna, móide aon Chánacha is infheidhme.
Is é is brí le "Tairseach Táille" ná an tairseach a bheidh ann an uair sin, de réir mar is infheidhme maidir le Seirbhísí áirithe, mar atá leagtha amach sa Chonsól Riaracháin.
Is é is brí le "Ábhair Shlánaithe Google" ná teicneolaíocht Google a úsáidtear chun na Seirbhísí a sholáthar (gan aon bhogearraí foinse oscailte a áireamh) agus Gnéithe Branda Google.
Is é is brí le "Ábhar Google Maps" ná aon ábhar a sholáthraítear trí na Seirbhísí (bíodh is gur chruthaigh Google nó a cheadúnaithe tríú páirtí é), lena n-áirítear sonraí léarscáile agus tír-raoin, íomhánna, sonraí tráchta, agus sonraí áiteanna (lena n-áirítear liostaí gnólachta).
Is é is brí le "Gníomhaíochtaí Ardriosca" ná gníomhaíochtaí ina bhféadfadh bás, díobháil phearsanta nó damáiste don chomhshaol a bheith mar thoradh ar úsáid nó cliseadh na Seirbhísí, lena n-áirítear (a) seirbhísí práinnfhreagartha; (b) feithicil uathrialaitheach agus leath-uathrialaitheach nó rialú dróin; (c) loingseoireacht soithí; (d) eitlíocht; (e) rialú aerthráchta; (f) oibriú saoráidí núicléacha.
Is é is brí le "HIPAA" ná an Health Insurance Portability and Accountability Act of 1996 mar a fhéadfar é a leasú, agus aon rialacháin a eisítear faoi.
Is é is brí le "lena n-áirítear" ná "lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do".
Is é is brí le "Dliteanais Shlánaithe" ná aon (a) méideanna socraíochta atá ceadaithe ag an bpáirtí slánaithe; agus (b) damáistí agus costais arna ndámhachtain go críochnaitheach i gcoinne an pháirtí shlánaithe agus a Chleamhnaithe ag cúirt limistéir údaráis inniúil.
Is é is brí le "Cearta Maoine Intleachtúla" ná gach ceart paitinne, cóipcheart, cearta trádmhairc, cearta i rúin ceirde (más ann dóibh), cearta dearaidh, cearta bunachar sonraí, cearta ainm fearainn, cearta morálta, agus aon chearta maoine intleachtúla eile (cláraithe nó neamhchláraithe) ar fud an domhain.
Is é is brí le "Próiseas Dlíthiúil" ná iarratas ar fhaisnéisiú eolais a dhéantar faoi dhlí, rialachán rialtais, ordú cúirte, subpoena, barántas, iarratas rialála nó gníomhaireachta rialtais, nó údarás dlíthiúil bailí eile, nós imeachta dlíthiúil, nó próiseas den chineál céanna.
Is é is brí le "Dliteanas" ná aon dliteanas, bíodh siad faoi chonradh, tort (lena n-áirítear faillí), nó ar shlí eile, beag beann ar iad a bheith intuartha nó atá beartaithe ag na páirtithe.
Is é is brí le "Téarmaí Sonracha Seirbhíse Maps" ná na téarmaí ar leith a bhaineann le Seirbhís amháin nó le níos mó, a bheidh ann an uair sin, a bhfuil cur síos déanta uirthi/orthu ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/maps-service-terms/.
Is é is brí le "Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps" ná an tseirbhís tacaíochta teicniúla a sholáthraíonn Google do Chustaiméirí a bheidh ann an uair sin faoi Threoirlínte Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps.
Is é is brí le "Treoracha Sheirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps" ná na treoirlínte seirbhíse tacaíochta teicniúla a bheidh ann an uair sin, a bhfuil cur síos déanta orthu ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/tssg/.
Is é is brí le "Seoladh Ríomhphoist Fógra" ná an seoladh/na seoltaí ríomhphoist a ainmníodh ag an gCustaiméir sa Chonsól riaracháin.
Tá le "Sonraí Pearsanta" an bhrí, a thabharfar dó ag an uair sin i dTéarmaí Cosanta Sonraí Rialaitheoir Google ag https://business.safety.google/controllerterms/.
Is é is brí le "Praghas" ná an praghas/na praghsanna is infheidhme a luafar ag an uair sin ag https://g.co/maps/pricelist.
Is é is brí le "Críocha Toirmiscthe" ná na tíortha a bheidh liostaithe ag an uair sin ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/maps-prohibited-territories.
Is é is brí le "Tionscadal" ná grúpáil d'acmhainní Chroísheirbhísí Google Maps atá roghnaithe ag an gCustaiméir le haghaidh Aip Custaiméara áirithe.
Is é is brí le "Athdhíoltóir", ná, más infheidhme, an t-athdhíoltóir tríú páirtí neamhchleamhnaithe údaraithe a dhíolann nó a sholáthraíonn na Seirbhísí do Chustaiméir.
Is é is brí le "Comhaontú Athdhíoltóra" ná, más infheidhme, comhaontú neamhspleách leis féin idir Custaiméir agus Athdhíoltóir maidir leis na Seirbhísí.
Is é is brí le "Foirm Ordaithe Athdhíoltóra" ná foirm ordaithe arna dhéanamh ag Athdhíoltóir agus ag Custaiméir, faoi réir an Chomhaontaithe Athdhíoltóra.
Is é is brí le "Seirbhísí" agus "Croísheirbhísí Google Maps" ná na seirbhísí a bhfuil cur síos déanta orthu ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/maps-services/. Áirítear sna Seirbhísí Ábhar agus Bogearraí Google Maps.
Is é is brí le "SLA" nó "Comhaontú Seirbhíse" na gach ceann de na comhaontuithe seirbhíse a bheidh ann an uair sin ag https://cloud.google.com/maps-platform/terms/sla/.
Is é is brí le "Bogearra" ná aon uirlis in-íoslódáilte, maingíní forbartha bogearraí nó bogearraí ríomhaire eile curtha ar fáil ag Google le húsáid mar chuid de na Seirbhísí, lena n-áirítear nuashonruithe.
Is é is brí le "Cuir ar Fionraí" nó "Fionraíocht " ná rochtain ar na Seirbhísí nó ar chomhpháirteanna de na Seirbhísí nó ar úsáid na Seirbhísí nó a úsáid a dhíchumasú.
Is é is brí le "Cánacha" ná gach oibleagáid chánach a fhorchuirtear ag an rialtas (lena n-áirítear cánacha, dleachtanna agus iarchoimeádtaí) ach amháin iad siúd atá bunaithe ar ghlanioncam, glanfhiúchas, luach sócmhainní, luach maoine, nó fostaíocht Google.
Tá le "Téarma" an bhrí a luaitear in Rannán 10.1 den Chomhaontú.
Is é is brí le "Imeacht Dlí Tríú Páirtí" ná aon imeacht dlí foirmiúil arna chomhdú ag tríú páirtí neamhchleamhnaithe os comhair cúirte nó binse rialtais (lena n-áirítear aon imeacht achomhairc).
Is é is brí le "Treoracha Trádmhairc" ná (a) Téarmaí agus Coinníollacha Branda Google a bheidh ann an uair sin, agus atá ar fáil ag: https://about.google/brand-resource-center/brand-terms/ agus (b) an rannán "Úsáid Trádmharcanna" den leathanach ceadanna "Úsáid á baint as Google Maps, Google Earth agus Street View" ag https://about.google/brand-resource-center/products-and-services/geo-guidelines/#geotrademark.
Is é is brí le "Téarmaí URL" ná an méid seo a leanas, a rialóidh san ord seo a leanas má tá easaontas ann:
(a) na Téarmaí Sonracha Seirbhíse Maps;
(b) an SLA;
(c) an AUP;
(d) na Treoracha Seirbhísí Tacaíochta Teicniúla Maps;
(e) na Fógraí Dlíthe le haghaidh Google Maps/Google Earth agus APInna Google Maps/Google Earth ag https://www.google.com/help/legalnotices_maps/; agus
(f) na Téarmaí Breise Seirbhíse Google Maps/Google Earth ag https://maps.google.com/help/terms_maps/.
Glacann Custaiméir leis na mionathruithe seo a leanas ar an gComhaontú má tá seoladh billeála Custaiméara sa réigiún is infheidhme mar a thuairiscítear thíos:
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an Astráil | |
Google Australia Pty Ltd | Cuirtear Rannán 13A nua leis mar seo a leanas: 13A. Ní bheidh feidhm ag an Rannán 13A seo ach amháin má tá na Seirbhísí faoi réir ráthaíochtaí reachtúla faoin Australian Competition and Consumer Act 2010 ("ACCA"). Féadfaidh dlíthe is infheidhme, lena n-áirítear an ACCA, cearta agus leigheasanna a thabhairt don Chomhaontú sin nach féidir a eisiamh, agus nach bhfuil eisiata leis an gComhaontú sin. Sa mhéid go gceadaíonn na dlíthe is infheidhme do Google teorainn a chur lena oibriú, beidh dliteanas Google agus a Chleamhnaithe faoi na dlíthe sin teoranta dá lánrogha féin, do sholáthar na Seirbhísí arís, nó don chostas a bhaineann leis na Seirbhísí a sholáthar arís a íoc. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 15.1(b) (Teorainn le Méid an Dliteanais): 15.1(b) Tá Uasdliteanas iomlán gach páirtí i leith damáistí a eascraíonn as an gComhaontú nó a bhaineann leis teoranta don cheann is mó de (i) na Táillí a d'íoc Custaiméir faoin gComhaontú le linn na tréimhse 12 mhí roimh an imeacht as ar éirigh Dliteanas, nó (ii) $AUD 1,000. Leasaítear Rannán 18.11(c) (An Dlí Rialaithe do Gach Páirtí Eile) tríd an téacs seo a leanas a chur isteach ag deireadh an Rannáin sin: "MÁ CHUIREANN AN DLÍ IS INFHEIDHME COSC AR DÍOSPÓID A RÉITEACH I GCÚIRT CALIFORNIA, SA CHÁS SIN FÉADFAIDH CUSTAIMÉIR AN DÍOSPÓID A THABHAIRT DO CHÚIRTEANNA ÁITIÚLA CUSTAIMÉARA. MÁ CHUIREANN AN DLÍ IS INFHEIDHME COSC AR CHÚIRT ÁITIÚIL CUSTAIMÉARA DLÍ CALIFORNIA A CHUR I BHFEIDHM CHUN DÍOSPÓID A RÉITEACH, SA CHÁS SIN BEIDH AN DÍOSPÓID FAOI RIALÚ AG DLÍTHE ÁITIÚLA INFHEIDHME THÍR, STÁIT NÓ ÁIT CHÓNAITHE EILE AN CHUSTAIMÉARA." Leasaítear Rannán 18.14 (Comhaontú Iomlán) tríd an téacs seo a leanas a chur isteach ag deireadh an Rannáin sin: "Ní chuireann aon ní sa Chomhaontú seo dliteanas páirtí as míléiriú i scríbhinn nó ó bhéal roimh ré as an áireamh." |
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an Astráil
Google Australia Pty Ltd
Cuirtear Rannán 13A nua leis mar seo a leanas:
13A. Ní bheidh feidhm ag an Rannán 13A seo ach amháin má tá na Seirbhísí faoi réir ráthaíochtaí reachtúla faoin Australian Competition and Consumer Act 2010 ("ACCA"). Féadfaidh dlíthe is infheidhme, lena n-áirítear an ACCA, cearta agus leigheasanna a thabhairt don Chomhaontú sin nach féidir a eisiamh, agus nach bhfuil eisiata leis an gComhaontú sin. Sa mhéid go gceadaíonn na dlíthe is infheidhme do Google teorainn a chur lena oibriú, beidh dliteanas Google agus a Chleamhnaithe faoi na dlíthe sin teoranta dá lánrogha féin, do sholáthar na Seirbhísí arís, nó don chostas a bhaineann leis na Seirbhísí a sholáthar arís a íoc.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 15.1(b) (Teorainn le Méid an Dliteanais):
15.1(b) Tá Uasdliteanas iomlán gach páirtí i leith damáistí a eascraíonn as an gComhaontú nó a bhaineann leis teoranta don cheann is mó de (i) na Táillí a d'íoc Custaiméir faoin gComhaontú le linn na tréimhse 12 mhí roimh an imeacht as ar éirigh Dliteanas, nó (ii) $AUD 1,000.
Leasaítear Rannán 18.11(c) (An Dlí Rialaithe do Gach Páirtí Eile) tríd an téacs seo a leanas a chur isteach ag deireadh an Rannáin sin: "MÁ CHUIREANN AN DLÍ IS INFHEIDHME COSC AR DÍOSPÓID A RÉITEACH I GCÚIRT CALIFORNIA, SA CHÁS SIN FÉADFAIDH CUSTAIMÉIR AN DÍOSPÓID A THABHAIRT DO CHÚIRTEANNA ÁITIÚLA CUSTAIMÉARA. MÁ CHUIREANN AN DLÍ IS INFHEIDHME COSC AR CHÚIRT ÁITIÚIL CUSTAIMÉARA DLÍ CALIFORNIA A CHUR I BHFEIDHM CHUN DÍOSPÓID A RÉITEACH, SA CHÁS SIN BEIDH AN DÍOSPÓID FAOI RIALÚ AG DLÍTHE ÁITIÚLA INFHEIDHME THÍR, STÁIT NÓ ÁIT CHÓNAITHE EILE AN CHUSTAIMÉARA."
Leasaítear Rannán 18.14 (Comhaontú Iomlán) tríd an téacs seo a leanas a chur isteach ag deireadh an Rannáin sin: "Ní chuireann aon ní sa Chomhaontú seo dliteanas páirtí as míléiriú i scríbhinn nó ó bhéal roimh ré as an áireamh."
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an Indinéis | |
PT Google Cloud na hIndinéise | Cuirtear an méid seo a leanas leis mar Rannán 10.7 (Tarscaoileadh Foirceanta): 10.7 Tarscaoileadh Foirceanta. Glacann na páirtithe leis aon fhorálacha faoi aon dlíthe is infheidhme a tharscaoileadh a mhéid a theastaíonn breith nó ordú cúirte chun an Comhaontú sin a fhoirceannadh. 2. Scriostar Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe) agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad: 18.11 An Dlí Rialaithe. (a) Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis don díospóid teacht chun cinn. Mura réitítear an díospóid laistigh de 30 lá, ní mór í a réiteach trí eadrána ag American Arbitration Association’s International Centre for Dispute Resolution de réir a Rialacha Tráchtála Brostaithe atá i bhfeidhm ó dháta an Chomhaontaithe ("Rialacha"). (b) Roghnóidh na páirtithe eadránaí amháin ar bhonn frithpháirteach. Is as Béarla agus i gContae Santa Clara, California, SAM a bheidh an t-eadránú. (c) Féadfaidh ceachtar de na páirtithe iarratas a dhéanamh chuig aon chúirt inniúil ar fhaoiseamh urghaire is gá chun a chearta a chosaint go ndéanfar an eadráin a réiteach. Féadfaidh an t-eadránaí faoiseamh cothromais nó urghaire a ordú atá comhsheasmhach leis na leigheasanna agus na teorainneacha sa Chomhaontú. (d) Faoi réir na gceanglas rúndachta in Rannán 18.11(f), féadfaidh ceachtar de na páirtithe achainí a dhéanamh ar aon chúirt inniúil aon ordú a eisiúint is gá chun cearta nó maoin an pháirtí sin a chosaint; Ní mheasfar gur sárú nó tarscaoileadh é an achainí sin ar an rannán dlí rialaithe agus eadrána agus ní dhéanfaidh sé difear do chumhachtaí an eadránaí, lena n-áirítear an chumhacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh breithiúnach. Glacann na páirtithe leis gur cúirteanna inniúla iad cúirteanna Chontae Santa Clara, California, SAM, chun aon ordú a dheonú faoin Rannán seo 18.11 (d). (e) Beidh an dámhachtain eadránaithe críochnaitheach agus ina ceangal ar na páirtithe agus féadfar a forghníomhú a chur faoi bhráid aon chúirt inniúil, lena n-áirítear aon chúirt a bhfuil dlínse aici ar cheachtar de na páirtithe nó ar aon chuid dá maoin. (f) Caithfear le haon imeacht eadrána a sheolfar de réir an Rannáin seo mar Fhaisnéis faoi Rún faoi rannán rúndachta an Chomhaontaithe, lena n-áirítear (i) a bheith ann, (ii) aon fhaisnéis a nochtadh le linn na n-imeachtaí eadrána, agus (iii) aon chumarsáid ó bhéal nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí eadrána. Chomh maith leis sin, féadfaidh na páirtithe an fhaisnéis a chuirtear síos uirthi sa Rannán seo 18.11(f) a nochtadh do chúirt inniúil de réir mar is gá chun aon ordú faoi Rannán 18.11 a thabhairt (d) nó aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú, ach ní mór do na páirtithe a iarraidh go ndéanfar na himeachtaí breithiúnacha sin a sheoladh i gcúirt iata (go príobháideach). (g) Íocfaidh na páirtithe as táillí an eadránaí, as táillí agus speansais saineolaithe ceaptha an eadránaí, agus as speansais riaracháin an ionaid eadrána de réir na Rialacha. Ina c(h)inneadh deiridh, cinnfidh an t-eadránaí an bhfuil aon oibleagáid ar an bpáirtí nár bhain an páirtí a bhain a aisíoc as an méid a d'íoc sé/sí roimh ré as na táillí seo. (h) Clúdóidh gach páirtí a táillí agus speansais a d(h)líodóirí agus a s(h)aineolaithe féin, beag beann ar chinneadh deiridh an eadránaí maidir leis an Díospóid. (i) Glacann na páirtithe leis nach gceanglaítear ar na headránaithe cinneadh a dhéanamh laistigh d'aon tréimhse ama ar leith. 3. Scriostar Rannán 18.16 (Teangacha Contrártha) agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad: 18.16 Teangacha Contrártha. Déantar an Comhaontú seo san Indinéisis agus sa Bhéarla, agus tá an dá leagan chomh údarásach lena chéile céanna. I gcás aon neamhréireachta nó léamh eile idir nó ar leagan na hIndinéisise agus an leagan Béarla, glacann na páirtithe le leagan na hIndinéisise a leasú le go mbeadh an chuid ábhartha de leagan na hIndinéisise ag teacht leis an gcuid ábhartha den leagan Béarla. |
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an Indinéis
PT Google Cloud na hIndinéise
Cuirtear an méid seo a leanas leis mar Rannán 10.7 (Tarscaoileadh Foirceanta):
10.7 Tarscaoileadh Foirceanta. Glacann na páirtithe leis aon fhorálacha faoi aon dlíthe is infheidhme a tharscaoileadh a mhéid a theastaíonn breith nó ordú cúirte chun an Comhaontú sin a fhoirceannadh.
2. Scriostar Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe) agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:
18.11 An Dlí Rialaithe.
(a) Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis don díospóid teacht chun cinn. Mura réitítear an díospóid laistigh de 30 lá, ní mór í a réiteach trí eadrána ag American Arbitration Association’s International Centre for Dispute Resolution de réir a Rialacha Tráchtála Brostaithe atá i bhfeidhm ó dháta an Chomhaontaithe ("Rialacha").
(b) Roghnóidh na páirtithe eadránaí amháin ar bhonn frithpháirteach. Is as Béarla agus i gContae Santa Clara, California, SAM a bheidh an t-eadránú.
(c) Féadfaidh ceachtar de na páirtithe iarratas a dhéanamh chuig aon chúirt inniúil ar fhaoiseamh urghaire is gá chun a chearta a chosaint go ndéanfar an eadráin a réiteach. Féadfaidh an t-eadránaí faoiseamh cothromais nó urghaire a ordú atá comhsheasmhach leis na leigheasanna agus na teorainneacha sa Chomhaontú.
(d) Faoi réir na gceanglas rúndachta in Rannán 18.11(f), féadfaidh ceachtar de na páirtithe achainí a dhéanamh ar aon chúirt inniúil aon ordú a eisiúint is gá chun cearta nó maoin an pháirtí sin a chosaint; Ní mheasfar gur sárú nó tarscaoileadh é an achainí sin ar an rannán dlí rialaithe agus eadrána agus ní dhéanfaidh sé difear do chumhachtaí an eadránaí, lena n-áirítear an chumhacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh breithiúnach. Glacann na páirtithe leis gur cúirteanna inniúla iad cúirteanna Chontae Santa Clara, California, SAM, chun aon ordú a dheonú faoin Rannán seo 18.11 (d).
(e) Beidh an dámhachtain eadránaithe críochnaitheach agus ina ceangal ar na páirtithe agus féadfar a forghníomhú a chur faoi bhráid aon chúirt inniúil, lena n-áirítear aon chúirt a bhfuil dlínse aici ar cheachtar de na páirtithe nó ar aon chuid dá maoin.
(f) Caithfear le haon imeacht eadrána a sheolfar de réir an Rannáin seo mar Fhaisnéis faoi Rún faoi rannán rúndachta an Chomhaontaithe, lena n-áirítear (i) a bheith ann, (ii) aon fhaisnéis a nochtadh le linn na n-imeachtaí eadrána, agus (iii) aon chumarsáid ó bhéal nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí eadrána. Chomh maith leis sin, féadfaidh na páirtithe an fhaisnéis a chuirtear síos uirthi sa Rannán seo 18.11(f) a nochtadh do chúirt inniúil de réir mar is gá chun aon ordú faoi Rannán 18.11 a thabhairt (d) nó aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú, ach ní mór do na páirtithe a iarraidh go ndéanfar na himeachtaí breithiúnacha sin a sheoladh i gcúirt iata (go príobháideach).
(g) Íocfaidh na páirtithe as táillí an eadránaí, as táillí agus speansais saineolaithe ceaptha an eadránaí, agus as speansais riaracháin an ionaid eadrána de réir na Rialacha. Ina c(h)inneadh deiridh, cinnfidh an t-eadránaí an bhfuil aon oibleagáid ar an bpáirtí nár bhain an páirtí a bhain a aisíoc as an méid a d'íoc sé/sí roimh ré as na táillí seo.
(h) Clúdóidh gach páirtí a táillí agus speansais a d(h)líodóirí agus a s(h)aineolaithe féin, beag beann ar chinneadh deiridh an eadránaí maidir leis an Díospóid.
(i) Glacann na páirtithe leis nach gceanglaítear ar na headránaithe cinneadh a dhéanamh laistigh d'aon tréimhse ama ar leith.
3. Scriostar Rannán 18.16 (Teangacha Contrártha) agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:
18.16 Teangacha Contrártha. Déantar an Comhaontú seo san Indinéisis agus sa Bhéarla, agus tá an dá leagan chomh údarásach lena chéile céanna. I gcás aon neamhréireachta nó léamh eile idir nó ar leagan na hIndinéisise agus an leagan Béarla, glacann na páirtithe le leagan na hIndinéisise a leasú le go mbeadh an chuid ábhartha de leagan na hIndinéisise ag teacht leis an gcuid ábhartha den leagan Béarla.
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an India | |
Google Cloud India Private Limited | Ceapadh Google Cloud India Private Limited ag Google Asia Pacific Pte. Ltd. (‘GAP’) mar athdhíoltóir neamheisiach na Seirbhísí (mar a shainmhínítear thíos) san India. Chun nach mbeadh aon amhras ann, cé gur tugadh 'Google' ar an dá pháirtí sa Chomhaontú seo. Soiléirítear leis seo, i gcás ina dtagraítear sna forálacha do Google maidir le díolacháin nó cearta agus oibleagáidí i ndáil leo (lena n-áirítear aon téarmaí a bhaineann le sonraisc a dhéanamh chun Seirbhísí a dhíol, teorainn chreidmheasa, foirceannadh an Chomhaontaithe seo, srl.), ciallóidh "Google" Google Cloud India Private Limited, agus cibé áit sa Chomhaontú seo a dtagraíonn na forálacha do "Google" mar sholáthróir na Seirbhísí nó cearta agus oibleagáidí a ghabhann leo ciallóidh sé ‘GAP’. Féadfaidh Google Cloud India Private Limited Foirm(eacha) Ordaithe a fhorghníomhú agus é ag tagairt don Chomhaontú seo, ach beidh an Fhoirm Ordaithe ina chonradh léi féin idir Google Cloud India Private Limited agus an Custaiméir, agus ionchorpróidh sí téarmaí uile an Chomhaontaithe seo. Faoin gComhaontú seo, cé go gceannaíonn Google Cloud India Private Limited na Seirbhísí ó GAP lena n-athdhíol le Custaiméir, comhlíonfaidh GAP an oibleagáid iomlán chun Seirbhísí den sórt sin a sholáthar faoin gComhaontú seo agus dá bhrí sin, ní bheidh aon oibleagáid ar Google Cloud India Private Limited maidir le feidhmiú na Seirbhísí. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 2 (Téarmaí Íocaíochta): 2. Téarmaí íocaíochta. 2.1 Íocaíocht. (a) Sonrascfaidh Google Custaiméir i leith na dTáillí. Tá íocaíochtaí le haghaidh sonraisc dlite 60 lá tar éis dháta an tsonraisc (mura sonraítear a mhalairt ar an bhFoirm Ordaithe) agus measfar iad thar téarma tar éis an dáta sin. Tá gach íocaíocht dlite san airgeadra a shonraítear sa sonrasc. Ní mór an fhaisnéis bhainc a shonraítear sa sonrasc a bheith san áireamh in íocaíochtaí a aistrítear de dhroim sreinge. 2.2 Cánacha. (a) I gcomaoin díol Seirbhísí, glacann Custaiméir leis na Táillí móide aon chánacha is infheidhme a íoc le Google. Má tá oibleagáid ar Google Cánacha a bhailiú nó íoc astu, sonrascófar na Cánacha do Chustaiméir in éineacht leis na Táillí ar dhíol seirbhísí, mura gcuireann Custaiméir deimhniú tráthúil agus bailí díolúine ó cháin ar fáil do Google atá údaraithe ag an údarás cánach cuí. (b) Má éilítear í faoin dlí is infheidhme, soláthróidh an Custaiméir faisnéis aitheantais cánach is infheidhme do Google (Uimhir Aitheantais Cánach Earraí agus Seirbhísí ("GSTIN"), suíomh ina bhfaigheadh an custaiméir na Seirbhísí, stádas cánach srl.) a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó Google chun a chinntiú go gcomhlíonann sé/sí na rialacháin chánach is infheidhme san India. Aithníonn Custaiméir go bhfuil na sonraí go léir a chuirtear ar fáil, mar shampla an GSTIN, an áit ina bhfaigheadh Custaiméir na Seirbhísí, stádas cánach srl. cruinn. Is iad an seoladh agus GSTIN a chuirtear ar fáil ná an áit ina bhfaigheadh Custaiméir na Seirbhísí. Beidh an Custaiméir faoi dhliteanas íoc as aon chánacha, ús nó fíneálacha a eascraíonn as aon mhídhearbhú ó Chustaiméir (nó Google a aisíoc astu). (c) Má éilítear ar Chustaiméir de réir dlí aon mhéideanna Cánach Ioncaim a shiarchoinneáil ar a c(h)uid íocaíochtaí le Google chun seirbhísí a dhíol, ní mór do Chustaiméir deimhniú cánach iarchoimeádta nó cáipéisíocht chuí eile a chur ar fáil do Google go tráthúil agus gealltanas a thabhairt an comhlíonadh riachtanach a dhéanamh de réir na ndlíthe cánach is infheidhme san India chun cur ar chumas Google creidmheas a éileamh ar chánacha iarchoimeádta den sórt sin agus tacaíocht a chur ar fáil, de réir mar is gá chun na críche sin. 2.3 Díospóidí Sonraisc. (a) Ní mór do chustaiméir aon díospóidí sonraisc a chur faoi bhráid [email protected] roimh an Dáta Dlite íocaíochta. Má chinneann na páirtithe gur sonrascaíodh Táillí ar bhealach nach raibh ceart, eiseoidh Google creidmheas ar ionann é agus an méid comhaontaithe. 2.4 Íocaíochtaí Rédhlite; Fionraíocht. D'fhéadfadh go mbeadh ús ag ráta 1.5% in aghaidh na míosa (nó an ráta is airde a cheadaítear de réir an dlí, más lú) le híocaíochtaí déanacha (rud, ar mhaithe le soiléireacht, ní áirítear leis sin méideanna atá faoi réir díospóide íocaíochta de mheon macánta a cuireadh isteach roimh dháta dlite na híocaíochta), ó dháta dlite na híocaíochta go n-íoctar iad ina n-iomláine. Beidh Custaiméir freagrach as gach speansais réasúnta (lena n-áirítear táillí aturnaetha) a thabhaigh Google chun méideanna rédhlite den sórt sin a bhailiú. Ina theannta sin, sa chás go mbíonn aon íocaíocht dhéanach as na Seirbhísí thar téarma, féadfaidh Google na Seirbhísí a chur ar fionraí. 2.5 Níl Aon Uimhir Ordaithe Ceannaigh Ag Teastáil. Tá sé d'oibleagáid ar Chustaiméir íoc as na Táillí infheidhme go léir gan aon cheanglas ar Google uimhir ordaithe ceannaigh a chur ar fáil ar shonrasc Google (nó ar bhealach ar bith eile). Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe): 18.11 An Dlí Rialaithe. Beidh gach éileamh a eascraíonn as an gComhaontú seo nó a bhaineann leis faoi rialú ag dlíthe na hIndia, seachas rialacha an stáit a bhaineann le dlíthe ag teacht salach ar a chéile, agus déanfar dlíthíocht orthu go heisiach i gcúirteanna Dheilí Nua; toilíonn na páirtithe le dlínse eisiach sna cúirteanna sin. In ainneoin an méid thuas, féadfaidh agus déanfaidh Custaiméir gach éileamh a bhaineann le Google faoin gComhaontú seo a thionscnamh in aghaidh Google Cloud India Private Limited. Cuirtear an sainmhíniú ar "Praghsanna" faoi Rannán 20 (Sainmhínithe) mar seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar "Praghsanna": Is é is brí le "Praghsanna" ná an praghas/na praghsanna a bheidh ann an uair sin atá luaite ag https://g.co/maps/pricelist-india le haghaidh cuntais incháilithe. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar "Cánacha" faoi Rannán 20 (Sainmhínithe): Is é is brí le "Cánacha" ná na cánacha go léir de réir an dlí is infheidhme, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d'aon dleachtanna nó cánacha (seachas cáin ioncaim ar ioncam), lena n-áirítear cánacha indíreacha mar cháin earraí agus seirbhísí ("GST") nó na cánacha a bhaineann le ceannach na Seirbhísí. |
an Áise agus an Aigéin Chiúin - an India
Google Cloud India Private Limited
Ceapadh Google Cloud India Private Limited ag Google Asia Pacific Pte. Ltd. (‘GAP’) mar athdhíoltóir neamheisiach na Seirbhísí (mar a shainmhínítear thíos) san India. Chun nach mbeadh aon amhras ann, cé gur tugadh 'Google' ar an dá pháirtí sa Chomhaontú seo. Soiléirítear leis seo, i gcás ina dtagraítear sna forálacha do Google maidir le díolacháin nó cearta agus oibleagáidí i ndáil leo (lena n-áirítear aon téarmaí a bhaineann le sonraisc a dhéanamh chun Seirbhísí a dhíol, teorainn chreidmheasa, foirceannadh an Chomhaontaithe seo, srl.), ciallóidh "Google" Google Cloud India Private Limited, agus cibé áit sa Chomhaontú seo a dtagraíonn na forálacha do "Google" mar sholáthróir na Seirbhísí nó cearta agus oibleagáidí a ghabhann leo ciallóidh sé ‘GAP’.
Féadfaidh Google Cloud India Private Limited Foirm(eacha) Ordaithe a fhorghníomhú agus é ag tagairt don Chomhaontú seo, ach beidh an Fhoirm Ordaithe ina chonradh léi féin idir Google Cloud India Private Limited agus an Custaiméir, agus ionchorpróidh sí téarmaí uile an Chomhaontaithe seo. Faoin gComhaontú seo, cé go gceannaíonn Google Cloud India Private Limited na Seirbhísí ó GAP lena n-athdhíol le Custaiméir, comhlíonfaidh GAP an oibleagáid iomlán chun Seirbhísí den sórt sin a sholáthar faoin gComhaontú seo agus dá bhrí sin, ní bheidh aon oibleagáid ar Google Cloud India Private Limited maidir le feidhmiú na Seirbhísí.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 2 (Téarmaí Íocaíochta):
2. Téarmaí íocaíochta.
2.1 Íocaíocht.
(a) Sonrascfaidh Google Custaiméir i leith na dTáillí. Tá íocaíochtaí le haghaidh sonraisc dlite 60 lá tar éis dháta an tsonraisc (mura sonraítear a mhalairt ar an bhFoirm Ordaithe) agus measfar iad thar téarma tar éis an dáta sin. Tá gach íocaíocht dlite san airgeadra a shonraítear sa sonrasc. Ní mór an fhaisnéis bhainc a shonraítear sa sonrasc a bheith san áireamh in íocaíochtaí a aistrítear de dhroim sreinge.
2.2 Cánacha.
(a) I gcomaoin díol Seirbhísí, glacann Custaiméir leis na Táillí móide aon chánacha is infheidhme a íoc le Google. Má tá oibleagáid ar Google Cánacha a bhailiú nó íoc astu, sonrascófar na Cánacha do Chustaiméir in éineacht leis na Táillí ar dhíol seirbhísí, mura gcuireann Custaiméir deimhniú tráthúil agus bailí díolúine ó cháin ar fáil do Google atá údaraithe ag an údarás cánach cuí.
(b) Má éilítear í faoin dlí is infheidhme, soláthróidh an Custaiméir faisnéis aitheantais cánach is infheidhme do Google (Uimhir Aitheantais Cánach Earraí agus Seirbhísí ("GSTIN"), suíomh ina bhfaigheadh an custaiméir na Seirbhísí, stádas cánach srl.) a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó Google chun a chinntiú go gcomhlíonann sé/sí na rialacháin chánach is infheidhme san India. Aithníonn Custaiméir go bhfuil na sonraí go léir a chuirtear ar fáil, mar shampla an GSTIN, an áit ina bhfaigheadh Custaiméir na Seirbhísí, stádas cánach srl. cruinn. Is iad an seoladh agus GSTIN a chuirtear ar fáil ná an áit ina bhfaigheadh Custaiméir na Seirbhísí. Beidh an Custaiméir faoi dhliteanas íoc as aon chánacha, ús nó fíneálacha a eascraíonn as aon mhídhearbhú ó Chustaiméir (nó Google a aisíoc astu).
(c) Má éilítear ar Chustaiméir de réir dlí aon mhéideanna Cánach Ioncaim a shiarchoinneáil ar a c(h)uid íocaíochtaí le Google chun seirbhísí a dhíol, ní mór do Chustaiméir deimhniú cánach iarchoimeádta nó cáipéisíocht chuí eile a chur ar fáil do Google go tráthúil agus gealltanas a thabhairt an comhlíonadh riachtanach a dhéanamh de réir na ndlíthe cánach is infheidhme san India chun cur ar chumas Google creidmheas a éileamh ar chánacha iarchoimeádta den sórt sin agus tacaíocht a chur ar fáil, de réir mar is gá chun na críche sin.
2.3 Díospóidí Sonraisc.
(a) Ní mór do chustaiméir aon díospóidí sonraisc a chur faoi bhráid [email protected] roimh an Dáta Dlite íocaíochta. Má chinneann na páirtithe gur sonrascaíodh Táillí ar bhealach nach raibh ceart, eiseoidh Google creidmheas ar ionann é agus an méid comhaontaithe.
2.4 Íocaíochtaí Rédhlite; Fionraíocht.
D'fhéadfadh go mbeadh ús ag ráta 1.5% in aghaidh na míosa (nó an ráta is airde a cheadaítear de réir an dlí, más lú) le híocaíochtaí déanacha (rud, ar mhaithe le soiléireacht, ní áirítear leis sin méideanna atá faoi réir díospóide íocaíochta de mheon macánta a cuireadh isteach roimh dháta dlite na híocaíochta), ó dháta dlite na híocaíochta go n-íoctar iad ina n-iomláine. Beidh Custaiméir freagrach as gach speansais réasúnta (lena n-áirítear táillí aturnaetha) a thabhaigh Google chun méideanna rédhlite den sórt sin a bhailiú. Ina theannta sin, sa chás go mbíonn aon íocaíocht dhéanach as na Seirbhísí thar téarma, féadfaidh Google na Seirbhísí a chur ar fionraí.
2.5 Níl Aon Uimhir Ordaithe Ceannaigh Ag Teastáil.
Tá sé d'oibleagáid ar Chustaiméir íoc as na Táillí infheidhme go léir gan aon cheanglas ar Google uimhir ordaithe ceannaigh a chur ar fáil ar shonrasc Google (nó ar bhealach ar bith eile).
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe):
18.11 An Dlí Rialaithe.
Beidh gach éileamh a eascraíonn as an gComhaontú seo nó a bhaineann leis faoi rialú ag dlíthe na hIndia, seachas rialacha an stáit a bhaineann le dlíthe ag teacht salach ar a chéile, agus déanfar dlíthíocht orthu go heisiach i gcúirteanna Dheilí Nua; toilíonn na páirtithe le dlínse eisiach sna cúirteanna sin. In ainneoin an méid thuas, féadfaidh agus déanfaidh Custaiméir gach éileamh a bhaineann le Google faoin gComhaontú seo a thionscnamh in aghaidh Google Cloud India Private Limited.
Cuirtear an sainmhíniú ar "Praghsanna" faoi Rannán 20 (Sainmhínithe) mar seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar "Praghsanna":
Is é is brí le "Praghsanna" ná an praghas/na praghsanna a bheidh ann an uair sin atá luaite ag https://g.co/maps/pricelist-india le haghaidh cuntais incháilithe.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar "Cánacha" faoi Rannán 20 (Sainmhínithe):
Is é is brí le "Cánacha" ná na cánacha go léir de réir an dlí is infheidhme, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d'aon dleachtanna nó cánacha (seachas cáin ioncaim ar ioncam), lena n-áirítear cánacha indíreacha mar cháin earraí agus seirbhísí ("GST") nó na cánacha a bhaineann le ceannach na Seirbhísí.
Meiriceá Laidineach (gan Meicsiceo agus an Bhrasaíl san áireamh) | |
Google LLC | Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe): An Dlí Rialaithe, Eadráin. (a) An Dlí Rialaithe. Tá an Comhaontú seo faoi rialú ag dlíthe Stáit California, SAM, seachas a rialacha a bhaineann le dlíthe ag teacht salach ar a chéile. (b) Eadráin. (i) Sainmhínithe. Is é is brí le "díospóid" ná aon díospóid chonartha nó neamhchonartha maidir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear a fhoirmiú, a bhailíocht, a ábhar, an léamh atá air, a fheidhmiú nó a fhoirceannadh. (ii) Socrú. Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon Díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis do pháirtí an chéad fhógra a fháil maidir leis an Díospóid de réir Rannán 18.1 (Fógraí). Mura bhfuil na páirtithe in ann an Díospóid a réiteach laistigh den tréimhse 30 lá sin, féadfaidh ceachtar de na páirtithe an Díospóid a chur chun eadrána de réir Rannán 18.11 (b) (iii) (Eadráin) thíos. (iii) Eadráin. Déanfaidh na páirtithe gach Díospóid a chur chun eadrána críochnaithí, ceangailtí faoi rialacha an American Arbitration Association's International Centre for Dispute Resolution de réir a Rialacha Tráchtála Brostaithe ("Rialacha"). Reáchtálfar an eadráin i mBéarla ag eadránaí amháin i gContae Santa Clara, California, SAM, a bheidh mar shuíomh eadrána. (iv) Rúndacht. Is Faisnéis Faoi Rún í an eadráin (lena n-áirítear an eadráin a bheith ann agus aon fhaisnéis ó bhéal nó i scríbhinn a bhaineann léi). Féadfaidh na páirtithe, áfach, faisnéis riachtanach chun aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú a nochtadh do chúirt inniúil, ach amháin má choinnítear rúndacht na n-ábhar sin sna himeachtaí breithiúnacha sin. (v) Faoiseamh Neamhairgeadaíochta. Ní fhéadfaidh an t-eadránaí a dhámhachtain a eisiúint ach amháin má tá sí bunaithe ar an dlí, ní ar chothromas. (vi) Táillí agus Speansais. Clúdóidh gach páirtí táillí agus speansais a d(h)líodóra agus a s(h)aineolaithe, beag beann ar chinneadh críochnaitheach an eadránaí maidir leis an Díospóid. |
Meiriceá Laidineach (gan Meicsiceo agus an Bhrasaíl san áireamh)
Google LLC
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe):
An Dlí Rialaithe, Eadráin.
(a) An Dlí Rialaithe. Tá an Comhaontú seo faoi rialú ag dlíthe Stáit California, SAM, seachas a rialacha a bhaineann le dlíthe ag teacht salach ar a chéile.
(b) Eadráin.
(i) Sainmhínithe.
Is é is brí le "díospóid" ná aon díospóid chonartha nó neamhchonartha maidir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear a fhoirmiú, a bhailíocht, a ábhar, an léamh atá air, a fheidhmiú nó a fhoirceannadh.
(ii) Socrú. Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon Díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis do pháirtí an chéad fhógra a fháil maidir leis an Díospóid de réir Rannán 18.1 (Fógraí). Mura bhfuil na páirtithe in ann an Díospóid a réiteach laistigh den tréimhse 30 lá sin, féadfaidh ceachtar de na páirtithe an Díospóid a chur chun eadrána de réir Rannán 18.11 (b) (iii) (Eadráin) thíos.
(iii) Eadráin. Déanfaidh na páirtithe gach Díospóid a chur chun eadrána críochnaithí, ceangailtí faoi rialacha an American Arbitration Association's International Centre for Dispute Resolution de réir a Rialacha Tráchtála Brostaithe ("Rialacha"). Reáchtálfar an eadráin i mBéarla ag eadránaí amháin i gContae Santa Clara, California, SAM, a bheidh mar shuíomh eadrána.
(iv) Rúndacht. Is Faisnéis Faoi Rún í an eadráin (lena n-áirítear an eadráin a bheith ann agus aon fhaisnéis ó bhéal nó i scríbhinn a bhaineann léi). Féadfaidh na páirtithe, áfach, faisnéis riachtanach chun aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú a nochtadh do chúirt inniúil, ach amháin má choinnítear rúndacht na n-ábhar sin sna himeachtaí breithiúnacha sin.
(v) Faoiseamh Neamhairgeadaíochta. Ní fhéadfaidh an t-eadránaí a dhámhachtain a eisiúint ach amháin má tá sí bunaithe ar an dlí, ní ar chothromas.
(vi) Táillí agus Speansais. Clúdóidh gach páirtí táillí agus speansais a d(h)líodóra agus a s(h)aineolaithe, beag beann ar chinneadh críochnaitheach an eadránaí maidir leis an Díospóid.
Meiriceá Laidineach - Meicsiceo | |
Google Cloud México, S. de R.L. de C.V. | Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 2.3 (Cánacha): 2.3 Cánacha. Tá Custaiméir freagrach as aon Chánacha. Má tá sé d'oibleagáid ar Google Cánacha a bhailiú nó íoc astu, sonrascófar na Cánacha do Chustaiméir, mura gcuireann Custaiméir deimhniú tráthúil agus bailí díolúine cánach ar fáil do Google atá údaraithe ag an údarás cánach cuí. Má éilítear ar Chustaiméir de réir dlí aon Chánacha a shiarchoinneáil óna (h)íocaíochtaí le Google, ní mór do Chustaiméir admháil chánach oifigiúil nó cáipéisíocht chuí eile a chur ar fáil do Google chun tacú leis an iarchoimeád sin. Cuirfidh Google gnáthcháipéisíocht chánach ar fáil go tráthúil a iarrann an Custaiméir ar bhealach réasúnta agus a mhalairt. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 3.2.1 (Srianta Ginearálta): 3.2.1 Srianta Ginearálta. Ní dhéanfaidh an custaiméir: (a) obair dhíorthach a chóipeáil, a mhionathrú, a chruthú d'aon chuid nó de gach cuid den chód foinse ná ais-innealtóireacht a dhéanamh air, ná é a dhíthiomsú, a aistriú, a dhídhíolaim, ná aon iarracht eile dhéanamh chun aon chuid de nó chun gach cuid de a bhaint amach (ach amháin a mhéid a thoirmisctear an srian sin go sainráite leis an dlí is infheidhme); (b) na Seirbhísí a dhíol, a athdhíol, a fhocheadúnú, a aistriú ná a dháileadh; ná (c) rochtain a fháil ar na Seirbhísí ná iad a úsáid: (i) le haghaidh Gníomhaíochtaí Ardriosca; (ii) ar shlí a mbeadh sé i gceist aici tabhú Táillí a sheachaint; (iii) le haghaidh ábhar nó gníomhaíochtaí atá faoi réir na International Traffic in Arms Regulations (ITAR) arna gcothabháil ag Roinn Stáit na Stát Aontaithe nó aon reachtaíocht is infheidhme eile a rialaíonn trácht airm; (iv) ar shlí a sáraíonn, nó ar cúis le sárú, Dlíthe um Rialú Easpórtála í; ná (v) faisnéis sláinte a thras-seoladh, a stóráil nó a phróiseáil faoi réir rialacháin HIPAA na Stát Aontaithe agus i gcomhréir le haon Dlí Príobháideachais Infheidhme. Mionathraítear fo-alt (b) de Rannán 15.1 (Dliteanais Theoranta) mar seo a leanas: (b) A mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, tá Uasdliteanas iomlán gach páirtí i leith damáistí a eascraíonn as an gComhaontú nó a bhaineann leis teoranta do na Táillí a íocadh le Custaiméir faoin gComhaontú le linn na tréimhse 12 mhí roimh an imeacht as ar éirigh Dliteanas. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe): (a) An Dlí Rialaithe. Tá an Comhaontú seo faoi rialú ag dlíthe Stáit Aontaithe Mheicsiceo, seachas rialacha rogha dlí. (b) Eadráin. (i) Sainmhínithe. Is é is brí le "díospóid" ná aon díospóid chonartha nó neamhchonartha maidir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear a fhoirmiú, a bhailíocht, a ábhar, an léamh atá air, a fheidhmiú nó a fhoirceannadh. (ii) Socruithe. Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon Díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis do pháirtí an chéad fhógra a fháil maidir leis an Díospóid de réir Rannán 18.1 (Fógraí). Mura bhfuil na páirtithe in ann an Díospóid a réiteach laistigh den tréimhse 30 lá sin, d'fhéadfadh ceachtar de na páirtithe an Díospóid a chur chun eadrána i gcomhréir le Rannán 18.11 (iii) (Eadráin). (iii) Eadráin. Ach amháin mar a thoirmisctear leis an dlí is infheidhme, déanfaidh na páirtithe gach Díospóid a chur chun eadrána críochnaithí, ceangailtí faoi Rialacha Eadrána National Chamber of Commerce of Mexico City atá i bhfeidhm ó Dháta Éifeachta an Chomhaontaithe seo ("Rialacha"). Reáchtálfar an eadráin i Spáinnis ag eadránaí amháin, a roghnaíonn na páirtithe le chéile, i gCathair Mheicsiceo, Meicsiceo, a bheidh mar shuíochán na headrána. (iv) Rúndacht. Is Faisnéis Faoi Rún í an eadráin (lena n-áirítear an eadráin a bheith ann agus aon fhaisnéis ó bhéal nó i scríbhinn a bhaineann léi). Mar sin féin, féadfaidh na páirtithe faisnéis riachtanach a nochtadh do chúirt inniúil chun (a) cabhair ó na cúirteanna inniúla a éileamh roimh an imeacht eadrána nó le linn an imeacht eadrána; nó (b) chun aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú, ach ar an gcoinníoll go gcoinnítear rúndacht na n-ábhar sin sna himeachtaí breithiúnacha sin. (v) Faoiseamh Neamhairgeadaíochta. Ní fhéadfaidh an t-eadránaí a dhámhachtain a eisiúint ach amháin má sí bunaithe ar an dlí, ní ar chothromas, agus ní fhéadfaidh sé faoiseamh neamhairgeadaíochta a dhámhachtain. (vi) Táillí agus Speansais. Clúdóidh gach páirtí táillí agus speansais a d(h)líodóra agus a s(h)aineolaithe, agus ní féidir le haon rialú i ndáil leis sin a bheith mar chuid de chinneadh críochnaitheach an eadránaí. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 20 (Sainmhínithe): 20. Sainmhínithe. Is é is brí le "Cánacha" ná gach oibleagáid chánach a fhorchuirtear ag an rialtas (lena n-áirítear cánacha, dleachtanna agus iarchoimeádtaí), ach amháin iad siúd atá bunaithe ar ghlanioncam, glanfhiúchas, luach sócmhainní, luach maoine, nó fostaíocht. |
Meiriceá Laidineach - Meicsiceo
Google Cloud México, S. de R.L. de C.V.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 2.3 (Cánacha):
2.3 Cánacha. Tá Custaiméir freagrach as aon Chánacha. Má tá sé d'oibleagáid ar Google Cánacha a bhailiú nó íoc astu, sonrascófar na Cánacha do Chustaiméir, mura gcuireann Custaiméir deimhniú tráthúil agus bailí díolúine cánach ar fáil do Google atá údaraithe ag an údarás cánach cuí. Má éilítear ar Chustaiméir de réir dlí aon Chánacha a shiarchoinneáil óna (h)íocaíochtaí le Google, ní mór do Chustaiméir admháil chánach oifigiúil nó cáipéisíocht chuí eile a chur ar fáil do Google chun tacú leis an iarchoimeád sin. Cuirfidh Google gnáthcháipéisíocht chánach ar fáil go tráthúil a iarrann an Custaiméir ar bhealach réasúnta agus a mhalairt.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 3.2.1 (Srianta Ginearálta):
3.2.1 Srianta Ginearálta. Ní dhéanfaidh an custaiméir: (a) obair dhíorthach a chóipeáil, a mhionathrú, a chruthú d'aon chuid nó de gach cuid den chód foinse ná ais-innealtóireacht a dhéanamh air, ná é a dhíthiomsú, a aistriú, a dhídhíolaim, ná aon iarracht eile dhéanamh chun aon chuid de nó chun gach cuid de a bhaint amach (ach amháin a mhéid a thoirmisctear an srian sin go sainráite leis an dlí is infheidhme); (b) na Seirbhísí a dhíol, a athdhíol, a fhocheadúnú, a aistriú ná a dháileadh; ná (c) rochtain a fháil ar na Seirbhísí ná iad a úsáid: (i) le haghaidh Gníomhaíochtaí Ardriosca; (ii) ar shlí a mbeadh sé i gceist aici tabhú Táillí a sheachaint; (iii) le haghaidh ábhar nó gníomhaíochtaí atá faoi réir na International Traffic in Arms Regulations (ITAR) arna gcothabháil ag Roinn Stáit na Stát Aontaithe nó aon reachtaíocht is infheidhme eile a rialaíonn trácht airm; (iv) ar shlí a sáraíonn, nó ar cúis le sárú, Dlíthe um Rialú Easpórtála í; ná (v) faisnéis sláinte a thras-seoladh, a stóráil nó a phróiseáil faoi réir rialacháin HIPAA na Stát Aontaithe agus i gcomhréir le haon Dlí Príobháideachais Infheidhme.
Mionathraítear fo-alt (b) de Rannán 15.1 (Dliteanais Theoranta) mar seo a leanas:
(b) A mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, tá Uasdliteanas iomlán gach páirtí i leith damáistí a eascraíonn as an gComhaontú nó a bhaineann leis teoranta do na Táillí a íocadh le Custaiméir faoin gComhaontú le linn na tréimhse 12 mhí roimh an imeacht as ar éirigh Dliteanas.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 18.11 (An Dlí Rialaithe):
(a) An Dlí Rialaithe. Tá an Comhaontú seo faoi rialú ag dlíthe Stáit Aontaithe Mheicsiceo, seachas rialacha rogha dlí.
(b) Eadráin.
(i) Sainmhínithe. Is é is brí le "díospóid" ná aon díospóid chonartha nó neamhchonartha maidir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear a fhoirmiú, a bhailíocht, a ábhar, an léamh atá air, a fheidhmiú nó a fhoirceannadh.
(ii) Socruithe. Déanfaidh na páirtithe iarracht de mheon macánta aon Díospóid a réiteach laistigh de 30 lá tar éis do pháirtí an chéad fhógra a fháil maidir leis an Díospóid de réir Rannán 18.1 (Fógraí). Mura bhfuil na páirtithe in ann an Díospóid a réiteach laistigh den tréimhse 30 lá sin, d'fhéadfadh ceachtar de na páirtithe an Díospóid a chur chun eadrána i gcomhréir le Rannán 18.11 (iii) (Eadráin).
(iii) Eadráin. Ach amháin mar a thoirmisctear leis an dlí is infheidhme, déanfaidh na páirtithe gach Díospóid a chur chun eadrána críochnaithí, ceangailtí faoi Rialacha Eadrána National Chamber of Commerce of Mexico City atá i bhfeidhm ó Dháta Éifeachta an Chomhaontaithe seo ("Rialacha"). Reáchtálfar an eadráin i Spáinnis ag eadránaí amháin, a roghnaíonn na páirtithe le chéile, i gCathair Mheicsiceo, Meicsiceo, a bheidh mar shuíochán na headrána.
(iv) Rúndacht. Is Faisnéis Faoi Rún í an eadráin (lena n-áirítear an eadráin a bheith ann agus aon fhaisnéis ó bhéal nó i scríbhinn a bhaineann léi). Mar sin féin, féadfaidh na páirtithe faisnéis riachtanach a nochtadh do chúirt inniúil chun (a) cabhair ó na cúirteanna inniúla a éileamh roimh an imeacht eadrána nó le linn an imeacht eadrána; nó (b) chun aon chinneadh eadrána a fhorghníomhú, ach ar an gcoinníoll go gcoinnítear rúndacht na n-ábhar sin sna himeachtaí breithiúnacha sin.
(v) Faoiseamh Neamhairgeadaíochta. Ní fhéadfaidh an t-eadránaí a dhámhachtain a eisiúint ach amháin má sí bunaithe ar an dlí, ní ar chothromas, agus ní fhéadfaidh sé faoiseamh neamhairgeadaíochta a dhámhachtain.
(vi) Táillí agus Speansais. Clúdóidh gach páirtí táillí agus speansais a d(h)líodóra agus a s(h)aineolaithe, agus ní féidir le haon rialú i ndáil leis sin a bheith mar chuid de chinneadh críochnaitheach an eadránaí.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Rannán 20 (Sainmhínithe):
20. Sainmhínithe.
Is é is brí le "Cánacha" ná gach oibleagáid chánach a fhorchuirtear ag an rialtas (lena n-áirítear cánacha, dleachtanna agus iarchoimeádtaí), ach amháin iad siúd atá bunaithe ar ghlanioncam, glanfhiúchas, luach sócmhainní, luach maoine, nó fostaíocht.
Athraithe go deireanach 3 Márta, 2025